04 October 2024
An Bhearna Mhaoinithe a Shárú: Nuálaíochtaí a Fhorbairt sa Bhithgheilleagar Ciorclach
Tagann príomh-mhaoinitheorí cuideachtaí Agraibhia agus Ag Tech, chomh maith le fiontraithe a bhfuil taithí acu san earnáil le chéile ag Ionad Fiontraíochta Guinness i mBaile Átha Cliath mar chuid de Sheachtain Bhithgheilleagair na hÉireann i 2024 chun borradh a chur faoi nuálaíocht sa bhithgheilleagar ciorclach in Éirinn.
Mar chuid de Sheachtain Bhithgheilleagair na hÉireann 2024, tá ShapingBio, i gcomhar le Teagasc, BiOrbic, agus Furthr, ag óstáil imeacht idirphlé agus líonraithe dar teideal “An Bhearna Mhaoinithe a Shárú: Nuálaíochtaí a Fhorbairt sa Bhithgheilleagar Ciorclach”. Beidh an imeacht pearsanta seo ar siúl Dé Céadaoin, 16ú Deireadh Fómhair 2024, ó 9:15 RN go 1:00 IN in Ionad Fiontaíochta Guinness, Baile Átha Cliath.
Is é an géarghá atá le nuálaithe in earnáil an bhithgheilleagair a nascadh le foinsí ríthábhachtacha maoinithe, tar éis fhoilsiú an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bhithgheilleagar 2023-2025 is cúis leis an imeacht. De réir mar a leanann an bithgheilleagar ciorclach de bheith ina phríomhréimse don nuálaíocht inbhuanaithe, soláthróidh an t-imeacht seo ardán uathúil chun straitéisí a phlé a thugann aghaidh ar na bacainní airgeadais a chuireann cosc ar fhás agus forbairt teicneolaíochtaí agus réitigh cheannródaíocha.
Deir an tOllamh Maeve Henchion ó Teagasc, ShapingBio, agus BiOrbic; “Tríd an tionscadal ShapingBio atá maoinithe ag an Aontas Eopach, d’aithníomar go bhfuil maoiniú fós ar cheann de na constaicí is mó chun an bithgheilleagar a chur chun cinn ar fud an Aontais Eorpaigh. Agus Plean Gníomhaíochta Bithgheilleagar na hÉireann i bhfeidhm, is deis thráthúil é an t-imeacht seo chun príomhghníomhaithe a thabhairt le chéile – nuálaithe, infheisteoirí agus saineolaithe – chun bealaí nua a iniúchadh chun an bhearna mhaoinithe a shárú agus réitigh cheannródaíocha a fhorbairt sa bhithgheilleagar. “
“Agus aitheantas á thabhairt don tábhacht a bhaineann leis an mbithgheilleagar do thodhchaí inbhuanaithe, agus an gá atá le cuideachtaí agus infheisteoirí a thabhairt le chéile chun nuálaíocht agus forbairt a chothú, táimid ar bís an t-imeacht seo a óstáil ag Ionad Fiontraíochta Guinness,” a dúirt Niamh Collins, Stiúrthóir Ionad Fiontraíochta Guinness.
“Cuireann an t-imeacht seo rochtain phearsanta ar fáil ar fhaisnéis luachmhar trí láithreoireachtaí agus díospóireachtaí, ach tá am ríthábhachtach chun líonrú a dhéanamh curtha san áireamh againn freisin. Tá clárúchán simplí trínár gcóras ar líne,” a deir an Dr Noha Mahmoud ó Teagasc agus ShapingBio mar fhocal scoir.
