Our Organisation Search Quick Links
Toggle: Topics


Soil Matters: the Story of Science at Johnstown Castle

Seoladh leabhar nua dar teideal “Soil Matters: the Story of Science at Johnstown Castle” inné, Dé Céadaoin, 16 Deireadh Fómhair, i gCaisleán Bhaile Sheáin i gContae Loch Garman. 

Tugann an leabhar nua seo atá scríofa ag Noel Culleton, Brian Coulter agus Matt Wheeler achoimre ar scéal Chaisleán Bhaile Sheáin ó 1929 go 2024.

Insíonn sé an scéal faoi gcaoi a d’fhorbair eolaithe taighde i gCaisleán Bhaile Sheáin agus a comhstáisiúin thaighde an fhaisnéis eolaíoch a chabhraigh le borradh thalmhaíocht na hÉireann, agus faoin gcaoi a chuir sé seo ar chumas na hÉireann a bheith ina táirgeoir rathúil ar bhia sábháilte agus folláin ar chostas íseal.  Insíonn sé faoin gcaoi a d’athchruthaigh an t-ionad taighde é féin le bheith ina phríomhionad taighde Comhshaoil agus Ithreacha atá tiomanta do réitigh a aimsiú ar dhúshláin chomhshaoil atá le sárú ag an talmhaíocht nua-aimseartha.

Thiomnaigh na húdair an leabhar do mhuintir Uí Lorcáin a bhronn Caisleán Bhaile Sheáin ar an náisiún, don Dr Tom Walsh ar cruthaíodh ionad taighde Chaisleán Bhaile Sheáin mar gheall ar a ghaois agus ceannaireacht, agus don fhoireann ar fad a chabhraigh thar na mblianta lena cháil náisiúnta agus idirnáisiúnta a fhorbairt i réimsí na heolaíochta agus na forbartha talmhaíochta.

Dúirt cathaoirleach Teagasc Liam Herlihy; “Is ceiliúradh é an leabhar seo ar na daoine san am atá thart a thug go dtí an áit a bhfuilimid inniu sinn. Aithníonn sé an méid a chuir na heolaithe taighde a d’oibrigh i gCaisleán Bhaile Sheáin leis an talmhaíocht nua-aimseartha.”

Dúirt Ger Ahearn, Cathaoirleach Iontaobhas Oidhreachta na hÉireann go dtugann an leabhar léargas ar stair Chaisleán Bhaile Sheáin. Mhínigh sé conas gur tharla an leabhar mar gheall ar an taighde a rinneadh nuair a bhí an tseansaotharlann eolaíochta á hullmhú sa Chaisleán do chuairteoirí.

Tá an Leabhar ar fáil le ceannach i gCaisleán, Eastát agus Músaem Bhaile Sheáin.