Director of Research
Teagasc, Oak Park, Carlow R93 XE12
€171,517 – €196,205
Permanent Appointment
About Teagasc
Teagasc is the Irish Agriculture and Food Development Authority. Through integrated research, advisory and education services, we support innovation across the Irish agri-food sector and circular bioeconomy. We are now seeking an exceptional scientific leader to join Teagasc’s Executive Leadership Team as Director of Research and to lead the strategic development and delivery of our research programme.
The Role
The Director of Research will provide scientific leadership and strategic management for a research portfolio of more than 500 projects, delivered by approximately 750 staff and supported by around 250 Walsh Scholars across seven research centres. The Directorate has an annual budget of €104 million and operates across four integrated programme areas: Animal and Grassland Research and Innovation; Crops, Environment and Land Use; Food; and Rural Economy and Development.
The appointee will lead research that meets the current and future needs of the agri-food sector, maintaining the highest standards of scientific quality, integrity and governance. They will strengthen collaboration across Teagasc’s research, advisory and education functions; build effective partnerships with industry, policymakers and research organisations; and support the translation and commercialisation of research for the benefit of the sector.
As a member of the Executive Leadership Team, the Director will contribute to Teagasc’s wider strategic priorities, including digital transformation and operational excellence. They will also lead and develop staff, support the success of national and international research funding initiatives, and ensure the effective and accountable management of the Directorate’s people, finances and infrastructure.
The Person
The successful candidate will bring an outstanding record of scientific achievement and leadership, a deep understanding of agriculture and food, and the strategic vision to advance research that contributes to the competitiveness, resilience and sustainability of the Irish agri-food sector.
They will have the ability to lead large and diverse research programmes; build strong relationships and influence across a wide range of stakeholders; communicate complex scientific issues clearly; and develop people and inclusive, high-performing teams. Experience in financial management, budgeting, governance and managing significant resources will also be important.
Candidates must hold a relevant qualification at PhD level, together with extensive scientific research experience at an advanced level. An additional postgraduate qualification in business or related discipline would be an advantage.
Candidates should note that the shortlisting board may, at its sole discretion, accept substantial relevant scientific experience where a candidate does not hold a PhD, provided this experience reflects expertise, leadership, and achievement appropriate to the level and requirements of the Director of Research post.
The successful candidate will be based at Teagasc Head Office at Oak Park, Carlow. The role involves considerable travel to Teagasc research centres and other locations. Flexible working arrangements may be available in line with Teagasc policy.
How to Apply
A detailed Job Specification, Organisation Overview Booklet, and Application Procedure are available below:
Job Specification – Director of Research (PDF)
Organisation Overview 2026 (PDF)
Application Procedure – Director of Research (PDF)
Key Achievements Form (Word)
For a confidential discussion, please contact Forvis Mazars, Teagasc’s Executive Recruitment partner at execrecruit@mazars.ie or +353 (1) 449 4400.
Closing date:
The deadline for receipt of applications is 12 noon on 6 January 2027. Late applications will not be accepted.
Candidates for this role may be sourced through both advertising and executive search processes. Teagasc is committed to fostering an open, diverse and inclusive workplace and welcomes applications from candidates of diverse backgrounds.
Stiúrthóir Taighde
Teagasc, Páirc N Darach, Ceatharlach, R93 XE12
€171,517 – €196,205
Ceapachán Buan
Maidir le Teagasc
Is é Teagasc Údarás Forbartha Talmhaíochta agus Bia na hÉireann. Trí sheirbhísí comhtháite taighde, comhairleacha agus oideachais, tacaímid leis an nuálaíocht ar fud earnáil agraibhia na hÉireann agus an bhithgheilleagair chiorclaigh. Táimid anois ag lorg ceannaire eolaíochta den scoth le dul isteach i bhFoireann Ceannaireachta Feidhmiúcháin Teagasc mar Stiúrthóir Taighde agus le bheith i gceannas ar fhorbairt straitéiseach agus ar chur i bhfeidhm ár gcláir taighde.
An Ról
Cuirfidh an Stiúrthóir Taighde ceannaireacht eolaíochta agus bainistíocht straitéiseach ar fáil do phunann taighde ina bhfuil breis agus 500 tionscadal, atá á gcur i bhfeidhm ag thart ar 750 ball foirne le tacaíocht ó thart ar 250 Scoláire Walsh i seacht n-ionad taighde. Tá buiséad bliantúil €104 milliún ag an Stiúrthóireacht agus feidhmíonn sí i gceithre réimse cláir chomhtháite: Taighde agus Nuálaíocht Ainmhithe agus Féaraigh; Barra, Comhshaol agus Úsáid Talún; Bia; agus Geilleagar agus Forbairt Tuaithe.
Beidh an té a cheapfar i gceannas ar thaighde a fhreastalaíonn ar riachtanais reatha agus riachtanais amach anseo na hearnála agraibhia, agus na caighdeáin is airde á gcoinneáil maidir le cáilíocht eolaíoch, ionracas agus rialachas. Neartóidh an té a cheapfar an comhoibriú idir feidhmeanna taighde, comhairleacha agus oideachais Teagasc; cothóidh sé nó sí comhpháirtíochtaí éifeachtacha leis an tionscal, le lucht déanta beartas agus le heagraíochtaí taighde; agus tacóidh sé nó sí le torthaí taighde a chur i bhfeidhm agus a thráchtálú chun tairbhe na hearnála.
Mar bhall den Fhoireann Ceannaireachta Feidhmiúcháin, rannchuideoidh an Stiúrthóir le tosaíochtaí straitéiseacha níos leithne Teagasc, lena n-áirítear an claochlú digiteach agus barr feabhais oibríochtúil. Beidh an Stiúrthóir i gceannas ar an bhfoireann agus ar a forbairt freisin, tacóidh sé nó sí le rath tionscnamh náisiúnta agus idirnáisiúnta maoinithe taighde, agus cinnteoidh sé nó sí go ndéanfar bainistíocht éifeachtach chuntasach ar fhoireann, ar airgeadas agus ar bhonneagar na Stiúrthóireachta.
An tIarrthóir
Beidh sártheist ar ghnóthachtáil eolaíoch agus ar cheannaireacht ag an iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi, mar aon le tuiscint dhomhain ar an talmhaíocht agus ar an mbia, agus an fhís straitéiseach chun taighde a chur chun cinn a chuireann le hiomaíochas, athléimneacht agus inbhuanaitheacht earnáil agraibhia na hÉireann.
Beidh sé nó sí in ann cláir thaighde mhóra ilghnéitheacha a stiúradh; caidrimh láidre a chothú agus tionchar a imirt ar raon leathan páirtithe leasmhara; saincheisteanna casta eolaíochta a chur in iúl go soiléir; agus daoine a fhorbairt agus foirne ionchuimsitheacha ardfheidhmíochta a chothú. Beidh taithí ar bhainistíocht airgeadais, ar bhuiséadú, ar rialachas agus ar bhainistiú acmhainní suntasacha tábhachtach freisin.
Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht ábhartha ag leibhéal PhD a bheith acu, mar aon le taithí fhairsing ar thaighde eolaíoch ag ardleibhéal. Bheadh cáilíocht bhreise iarchéime sa ghnó nó i ndisciplín gaolmhar ina buntáiste.
Ba cheart d’iarrthóirí a thabhairt dá n-aire go bhféadfaidh an bord gearrliostaithe, dá lánrogha féin, glacadh le taithí shuntasach ábhartha eolaíochta i gcás iarrthóir nach bhfuil PhD aige nó aici, ar choinníoll go léiríonn an taithí sin saineolas, ceannaireacht agus gnóthachtáil atá ag teacht le leibhéal agus riachtanais phost an Stiúrthóra Taighde.
Beidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi lonnaithe i gCeannoifig Teagasc i bPáirc na Darach, Ceatharlach. Beidh cuid mhór taistil chuig ionaid taighde Teagasc agus chuig láithreacha eile i gceist leis an ról. D’fhéadfadh socruithe solúbtha oibre a bheith ar fáil de réir bheartas Teagasc.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Tá Sonraíocht Phoist mhionsonraithe, Leabhrán Forléargais ar an Eagraíocht agus an Nós Imeachta Iarratais ar fáil ag:
Job Specification – Director of Research (PDF)
Organisation Overview 2026 (PDF)
Application Procedure – Director of Research (PDF)
Key Achievements Form (Word)
Le haghaidh plé faoi rún, déan teagmháil le Forvis Mazars, comhpháirtí Teagasc um earcaíocht feidhmeannach, ag execrecruit@mazars.ie nó +353 (1) 449 4400.
Dáta deiridh:
Is é an spriocdháta chun iarratais a fháil ná 12 meán lae an 6 Eanáir 2027
Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha.
Féadfar iarrthóirí don ról seo a aimsiú trí fhógraíocht agus trí phróisis chuardaigh feidhmeannach araon. Tá Teagasc tiomanta d’ionad oibre oscailte, éagsúil agus ionchuimsitheach a chothú agus fáiltíonn sé roimh iarratais ó iarrthóirí ó chúlraí éagsúla.
