Our Organisation Search Quick Links
Toggle: Topics


Barr níos fearr le fáil uaireanta ó éagsúlú báinsí ná roinnt leasachán miocróbach

Léiríonn páipéar eolaíochta nua le Teagasc i gcomhar le UCC agus roinnt comhoibrithe idirnáisiúnta go mbíonn éagsúlú speiceas plandaí i mbáinseacha níos éifeachtaí uaireanta ná ionacluithe miocróbacha a chur orthu mar mhodh le tacú le táirgiúlacht i bhféarthailte a ndéantar dianbhainistiú orthu.

Is faoi stiúir taighdeoirí i gCaisleán Bhaile Sheáin, Loch Garman, atá an páipéar seo a foilsíodh le déanaí san irisleabhar mór le rá, Plant and Soil. Is é an tátal a bhaineann an staidéar as ná, nuair a dhéantar pischineálacha agus luibheanna a imeascadh i mbáinseacha atá faoi dhianbhainistiú, is éifeachtaí é seo mar mhodh chun iontógáil cothaitheach agus toradh lusra a choinneáil ag an leibhéal céanna nó a mhéadú ná na hionacluithe miocróbacha measta (ar a dtugtar bith-ionacluithe go minic) a chur ar shíolta ag iad á gcur.

Chun an gá le hionchur leasacháin a laghdú agus an toradh féarthalaimh a choinneáil ag an leibhéal céanna, tá roghanna éagsúla á gcur sa mheá ag feirmeoirí amhail éagsúlacht speiceas plandaí agus grúpaí feidhmeacha a thabhairt isteach chun comhdhéanamh báinsí féaraigh a éagsúlú chomh maith le hionacluithe miocróbacha a chur i bhfeidhm a fhónann do shláinte plandaí a neartú. Más ea féin, is annamh a tástáladh iarmhairtí an dá rogha bhainistithe sin ar thailte féaraigh i gcomórtas lena chéile.

Agus í ina hOifigeach Sinsearach le Teagasc ag Caisleán Baile Sheáin, dúirt an Dr Fiona Brennan gur ‘rinneamar triail allamuigh ar feadh dhá bhliain ar thalamh féaraigh chun éifeachtúlacht ocht gcóireáil ionacluithe miocróbacha a thástáil (inar cuireadh ionacluithe baictéaracha agus fungasacha de chineál ‘arbuscular mycorrhizal’ (AMF) i bhfeidhm ina n-aonar agus in éineacht). Cuireadh gach ceann de na hocht n-ionaclú mhiocróbacha ar na síolta nó ar an gceapach síl de thrí chineál bháinseach féaraigh ina raibh féar amháin, féar agus seamair, nó meascán 6 speiceas d’fhéar, de sheamair, de luibheanna agus ar ar leathadh 100 cileagram nítrigine an heicteár in aghaidh na bliana i bhfoirm úiré bhrataithe’.

Agus é ina léachtóir in UCC agus ina thaighdeoir iardhochtúireachta le Teagasc tráth, leag an Dr Israel Ikoyi na príomhthorthaí amach: “Fuaireamar amach sa staidéar a bhí ar siúl againn ar feadh dhá bhliain, gur mhéadaigh báinseacha measctha (báinseacha idir fhéar agus ghlasraí pischineálacha agus báinseacha idir fhéar, ghlasraí pischineálacha agus luibheanna) iontógáil cothaitheach agus barr go mór i gcomparáid le báinseacha nach mbíonn ach féar ag fás orthu. Is beag éifeacht ag bhí ag na hionacluithe miocróbacha a rinneadh breithmheas orthu ar mhéid an bhairr fad is a tháinig méadú 3932 cileagram an heicteár in aghaidh na bliana agus 4693 an heicteár in aghaidh na bliana faoi seach ar an mbarr a fuarthas nuair a athraíodh ó bháinseacha nach raibh ach féar ag fás orthu go báinseacha ar a raibh idir fhéar, ghlasraí pischineálacha agus luibheanna ag fás.

Tá le tuiscint ó na méaduithe a tháinig ar an mbarr a fuarthas ó bháinseacha éagsúlaithe gur féidir déanamh gan idir 97 agus 117 cileagram Nítrigine an heicteár in aghaidh na bliana, rud arb ionann é agus laghdú suntasach ar an méid airgid ar gá d’fheirmeoirí a chaitheamh ar leasachán.

Agus í ina Ceann Roinne ar an Roinn Taighde Comhshaoil ag Teagasc, dúirt an Dr Karen Daly: “léirigh foireann an Dr Brennan a thábhachtaí is atá sé fianaise láidir eolaíoch a thabhairt d’fheirmeoirí le cur ar a gcumas cinntí críonna a dhéanamh faoi fhéarthailte a bhainistiú go hinbhuanaithe.”

Is féidir féachaint ar an bpáipéar eolaíochta foilsithe dar teideal ‘Manipulation of sward diversity is a more effective management strategy than addition of microbial inoculants in intensively managed grassland’ ag link.springer.com.

Tríd is tríd, faoi dhálaí ceapach thalaimh rialaithe, cruthaíodh gur fearr go mór mar straitéis bainistithe ar scála feirme glasraí pischineálacha agus luibheanna a bheith mar chuid de bháinseach féaraigh chun an toradh foráiste a thugann talamh féaraigh agus iontógáil cothaitheach a mhéadú ná hionacluithe miocróbacha a chur orthu.

Rinneadh an obair seo mar chuid den tionscadal ‘Forchurtha micribhithóim le haghaidh córais bhia inbhuanaithe a chuireann teicneolaíochtaí agus fiontraíochta chun fónaimh’ (MASTER) atá faoi stiúir an Ollaimh Paul Cotter ag Teagasc. www.master-h2020.eu agus ba é clár Taighde agus Nuálaíochta Fhís an AE a chistigh é (comhaontú deontais Uimh. 818368).