Our Organisation Search Quick Links
Toggle: Topics

Fógraíonn Teagasc Peter Doyle mar Scoláire Walsh na Bliana 2021

Is é Peter Doyle buaiteoir Bonn Óir Scoláire Teagasc Walsh do 2021. Bhronn an tOllamh Frank O’Mara, Stiúrthóir Taighde Teagasc, an bonn ar Peter ag searmanas speisialta ar líne a bhí ar siúl Dé hAoine, 9 Iúil, arna óstáil ag an gcraoltóir Jonathan McCrea.

Is Scoláire Teagasc Walsh é Peter atá lonnaithe in Ionad Taighde Ainmhí agus Féaraigh Teagasc sa Ghráinseach, Co. na Mí. Tá táirgeadh agus tréithe cáilíochta mairteola a chothaítear ar fhéar á fhiosrú aige. Is iarrthóir PhD é Peter atá cláraithe leis an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus maoinithe ag Teagasc.

Agus é ag labhairt faoina thaithí le Clár Scoláireachta Teagasc Walsh, dúirt Peter; “Chuir an clár deiseanna agus eispéiris iontacha ar fáil dom ag scrúdú go leor gnéithe laistigh den tionscal mairteola. Is í an chomhairle is fearr is féidir liom a thabhairt do scoláirí féideartha ná ábhar taighde a dhéanamh a bhfuil tú
fíor-phaiseanta faoi”.

Faoi láthair tá 35 scoláireacht PhD ar fáil ag Teagasc i gcomhar le hollscoileanna náisiúnta agus idirnáisiúnta agus le hinstitiúidí teicneolaíochta.

Bhuaigh Peter an gradam iomlán tar éis dó an chatagóir Clár um Thaighde agus Nuálaíocht Ainmhí agus Féaraigh a bhuachan.

Is iad seo a leanas na buaiteoirí sna catagóirí eile:

Is í Tara O’Connor buaiteoir na Catagóire Clár um Barraí, Comhshaol agus Úsáid Talún Teagasc. Tá Tara lonnaithe i Roinn Eolaíochta Barr Teagasc i bPáirc na Darach, Co. Cheatharlach. Scrúdaíonn a cuid taighde láidreachtaí agus laigí chóras imdhíonachta an eorna agus ar fhrithsheasmhacht marthanach galar a fhorbairt in eorna. Is iarrthóir PhD í atá cláraithe le hOllscoil Mhá Nuad agus maoinithe ag Teagasc.

Is í Jie Han buaiteoir na Catagóire Clár Bia Teagasc. Tá Jie lonnaithe ag Ionad Taighde Bia Teagasc, An Chloch Liath, Co. Chorcaí. Tá a tionscadal dírithe ar bhriseadh púdair déiríochta a thuiscint agus a rialú le linn iompair agus táirgthe chun feidhmiúlacht púdair déiríochta a fheabhsú. Is iarrthóir PhD í Jie Han atá cláraithe le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus maoinithe ag Teagasc. Fuair sí gradam speisialta freisin ó Institiúid Eolaíochta agus Teicneolaíochta Bia na hÉireann (IETBÉ).

Is í Tracy Bradfield (ar dheis) buaiteoir na catagóire Clár Geilleagar agus Forbartha Tuaithe Teagasc. Tá Tracy lonnaithe sa Roinn Eacnamaíochta Talmhaíochta agus Suirbhéanna Feirme, Teagasc. Tá sí ag fiosrú conas a théann soghluaisteacht agus struchtúr talún i bhfeidhm ar fheidhmíocht eacnamaíoch na bhfeirmeacha. Is iarrthóir PhD í Tracy atá cláraithe le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus maoinithe ag Teagasc.

Is í Lisa O’Toole buaiteoir na catagóire Clár Aistrithe Eolais Teagasc. Is Scoláire Teagasc Walsh í Lisa atá lonnaithe in Oifig Chomhairleach Phort Laoise, Co. Laoise. Tá a staidéar dírithe ar thuiscint a fhorbairt ar na caidrimh agus na modheolaíochtaí chun comhaontuithe bearrtha conartha a spreagadh. Is mac léinn iarchéime í Lisa atá cláraithe leis an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (COBÁC) ag tabhairt faoi MSc sa Chlár Talmhaíochta & Sínidh le Teagasc agus COBÁC.

Agus buaiteoirí na ngradam á bhfógairt aige, rinne an tOllamh Frank O’Mara, Stiúrthóir Taighde Teagasc comhghairdeas leis na buaiteoirí gradaim uile agus leis na Scoláirí ar an ngearrliosta agus dúirt sé “thaispeáin ócáid an lae inniu Iarscoláirí Walsh agus Scoláirí reatha Walsh agus leag sé béim ar na Scoláirí ar ardchaighdeáin, cumasacha ag teacht tríd an gclár atá ar tí dul i mbun a ngairmeacha sa tionscal agraibhia”.