Our Organisation Search Quick Links
Toggle: Topics


Seolann Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan agus Teagasc cáilíochtaí nua páirtaimseartha Talmhaíochta

Tá lúcháir ar Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan (ITDD) a fhógairt go bhfuil sraith clár páirtaimseartha sa Talmhaíocht á seoladh, i gcomhar le Teagasc Talmhaíochta

Is céim pháirtaimseartha, Leibhéal 7 é an Baitsiléir Eolaíochta sa Talmhaíocht a d’fhorbair ITDD i gcomhpháirtíocht le Coláiste Talmhaíochta Teagasc i mBéal Átha hÉis. Tá an clár dírithe ar shealbhóirí ‘teastas glas’ a bhfuil taithí shuntasach acu ach nach ndearna Ardoideachas nó Breisoideachas thar Leibhéal 6 CNC. Tá Mionghradaim ar fáil freisin i sainréimsí ar nós Táirgeadh Ainmhithe agus Bainistíocht Inbhuanaithe Talún.

Tá athrú bunathraitheach domhanda ar an talmhaíocht faoi láthair chuig samhail atá níos inbhuanaithe, ó thaobh an chomhshaoil agus an gheilleagair de araon. Ní mór d’fheirmeoirí na todhchaí a bheith nualaíoch, freagrúil, oiriúnaitheach agus eolach.

Tugann an clár seo deis do chéimithe Leibhéal 6 atá ann cheana dul chun cinn go hacadúil agus Gradam Leibhéal 7 a bhaint amach nó tabhairt faoi dheiseanna gairme eile i gcodanna eile den earnáil talmhaíochta amhail an tionscal Agraibhia. Agus é bunaithe go láidir ar an eolaíocht, ligfidh an clár d’fheirmeoirí atá ann cheana féin scileanna a fhorbairt agus a fheabhsú i réimsí amhail táirgeadh inbhuanaithe ainmhithe agus barr, bainistíocht airgeadais, bainistíocht ithreach, margaíocht agus fiontraíocht, bainistíocht cáilíochta agus próiseáil bia. Beidh scileanna agus eolas ag céimithe chun éagsúlú ar an bhfeirm a chumasú agus beidh siad in ann freagairt níos fearr do thionscnaimh agus deiseanna a sholáthraítear leis an Straitéis nua Agraibhia 2030 agus athruithe atá le teacht ar an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT).

Go hachomair, cuirfidh an clár ar chumas céimithe eolaíocht, teicneolaíocht agus éirim ghnó atá ag forbairt a chur i bhfeidhm trí chur chuige nualaíoch agus inoiriúnaithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin reatha agus dúshláin sa todhchaí san earnáil Talmhaíochta.

 ‘Tá lúcháir orainn an tsraith nua seo a sheoladh chun cur lenár bpunann clár reatha do na hearnálacha Talmhaíochta agus Agraibhia. Tá ITDD ag comhoibriú le Coláiste Talmhaíochta Bhéal Átha hÉis le beagnach 20 bliain i seachadadh clár Talmhaíochta lánaimseartha. Ligfidh an tairiscint nua seo dúinn forbairt ghairmiúil leanúnach a sholáthar ar bhonn páirtaimseartha dóibh siúd atá ag obair san earnáil cheana féin’. Breda Brennan, Ceann na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Sláinte Ainmhithe ag ITDD

‘Is deis iontach é rogha ardoideachais a bheith curtha ar fáil go páirtaimseartha sa talmhaíocht do na céadta céimí atá againn ó chláir talmhaíochta Leibhéal 6 Teagasc le blianta beaga anuas. Comhlíonfaidh na cláir nua an iliomad iarratais a leanaimid ar aghaidh ag fáil maidir le hoideachas leanúnach ónár gcliaint, ár n-iarchéimithe agus ár bhfeirmeoirí óstacha. D’oibrigh foireann Teagasc i mBéal Átha hÉis go dlúth lenár gcomhghleacaithe in ITDD chun a chinntiú go ndéanfar go leor de na forbairtí agus deiseanna sa Talmhaíocht a sheachadadh ar na cláir seo.’ John Kelly, Príomhoide Choláiste Talmhaíochta Bhéal Átha hÉis

Déanfar an cúrsa a chumasc agus a sheachadadh um thráthnóna agus ar an Satharn chun infhaighteacht na mac léinn a éascú. Más feirmeoir tú agus tú ag iarraidh do ghnó a éagsúlú nó tuilleadh deiseanna fostaíochta a chruthú, b’fhéidir gurbh deis iontach an cúrsa idirghníomhach seo duit.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcúrsa agus chun iarratas a dhéanamh tabhair cuairt ar www.dkit.ie/parttime