Osclaíonn na hAirí Heydon agus Grealish síneadh foirgnimh in Teagasc, an Chloch Liath
D’oscail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, agus an tAire Stáit atá freagrach as Cur Chun Cinn Bia, Margaí Nua, Taighde agus Forbairt, Noel Grealish TD, saoráid nua dar luach €3.17 milliún oscailte Teagasc sa Chloch Liath. Le síneadh Ionad Nuálaíochta Paddy O’Keeffe chun Féarach agus Déiríocht na hÉireann a chur chun cinn chun, táthar ag súil go bhfeabhsófar acmhainn Teagasc i dtaighde d’earnáil agraibhia na hÉireann. D’oscail na hAirí Heydon agus Grealish an fhorbairt nua go hoifigiúil i searmanas ar ar fhreastail páirtithe leasmhara as gach cearn den tionscal agraibhia, ón bpobal taighde, agus ón rialtas áitiúil.
Ag labhairt ag an gcomhdháil dó, dúirt an tAire Heydon: “Leanfaidh mo Roinn, i gcomhar le hearnáil Agraibhia na hÉireann, ag infheistiú i réitigh eolaíochtbhunaithe chun go nglacfaidh an earnáil talmhaíochta leis na dúshláin agus na deiseanna atá roimpi anois agus san am atá le teacht.” Tá áthas ar mo Roinn tacú leis an infheistíocht i saoráidí taighde agus nuálaíochta, rud a chuideoidh le bonn a chur faoi fhorbairt na hEarnála Agraibhia”
Dúirt an tAire Stáit Grealish: “Tá ríméad orm oscailt an tsínte seo dar luach €3.17 milliún ar Ionad Nuálaíochta Paddy O’Keeffe a cheiliúradh chun Féarach agus Déiríocht na hÉireann a chur chun cinn. Leis an síneadh, cuirfear saoráidí nua tábhachtacha ar fáil do thaighdeoirí agus do bhaill foirne tacaíochta ghaolmhara, agus tá go leor acu ag obair ar thionscadail atá maoinithe ag mo Roinn féin. Cinnteofar leis go seasfaidh Éire amach i gcónaí mar cheannaire ar fud an domhain i dtaighde déiríochta féaraigh inbhuanaithe, iomaíoch atá spreagtha ag teicneolaíocht.”
Tá an tsaoráid nua-aimseartha sin maoinithe i bpáirt ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus tagann sí le tiomantas leanúnach an rialtais d’infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar taighde agus forbartha talmhaíochta na hÉireann. Tá an foirgneamh ina chuid d’ionad Taighde agus Nuálaíochta Ainmhithe agus Féaraigh Teagasc sa Chloch Liath atá suite díreach taobh amuigh de Mhainistir Fhear Maí, Contae Chorcaí.
Is é 658 m2 achar an fhoirgnimh, rud a fhágann go bhfuil spás ann le haghaidh suas le 50 ball foirne agus mac léinn taighde agus ina bhfuil an méid seo a leanas:
- Saoráidí oifige nua-aimseartha
- Limistéir oibre comhoibríche d’fhoirne taighde
- Gnéithe deartha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de
- Saoráidí treisithe le haghaidh rannpháirtíochta agus teagmhála le páirtithe leasmhara
Úsáidfear an tsaoráid nua chun freastal ar thaighdeoirí, taighdeoirí iardhochtúireachta agus mic léinn iarchéime. De dheasca na saoráide sin, beidh Teagasc ábalta a chlár a leathnú agus infheistíocht a dhéanamh i réitigh eolaíochtbhunaithe don earnáil agraibhia in Éirinn. Bhí na saoráidí nua de dhíth mar thoradh ar leathnú an chláir taighde ag Teagasc sa Chloch Liath, go háirithe céim 2 de VistaMilk a fógraíodh le déanaí, rud a raibh mar thoradh air go raibh daoine breise lonnaithe ag Teagasc sa Chloch Liath.
Dúirt an tOllamh Frank O Mara, Stiúrthóir Teagasc: “Le hinfheistíocht i saoráidí, cuirtear bonn agus taca faoi chlár taighde Teagasc agus tugtar deis uaillmhian níos mó agus gníomhaíochtaí taighde á bpleanáil.” Níl sé ach 10 mbliana ó osclaíodh Ionad Nuálaíochta Paddy O’Keefe den chéad uair agus ó shin i leith, tá an clár taighde ag dul ó neart go neart agus é spreagtha ag dúshláin atá ag athrú i gcónaí sa tionscal Agraibhia.”
Tá an tsaoráid ag feidhmiú go hiomlán anois agus tá sí ar a lánacmhainn agus tacóidh sí le hobair leanúnach Teagasc maidir le réitigh eolaíochtabhunaithe a sholáthar d’earnáil agraibhia na hÉireann.
