Our Organisation Search Quick Links
Toggle: Topics

Cén ról a bheidh ag roghanna malartacha feola i dtodhchaí na hÉireann?

Bhuail grúpa eolaithe idirnáisiúnta le chéile i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo chun plé a dhéanamh ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag roghanna malartacha feola i réimeanna bia na hEorpa amach anseo.  Tionóladh an cruinniú mar chuid de thionscadal taighde an Aontais ar a dtugtar ComMEATed, ina scrúdaítear na dálaí faoina bhféadfadh tomhaltóirí smaoineamh ar níos mó roghanna malartacha feola a thabhairt isteach ina réimeanna bia.

Tugadh le chéile leis an gcruinniú ionadaithe ó chúig eagraíocht chomhpháirtíochta Eorpacha, lena n-áirítear Teagasc agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (COC).  Bhí an plé dírithe ar shraith agallamh le páirtithe leasmhara a rinneadh le déanaí ar fud na hEorpa, inar gabhadh dearcthaí ar tháirgeadh traidisiúnta agus ar tháirgeadh malartach araon.

Agus í ag machnamh ar an bplé, leag an tOllamh Maeve Henchion ó Teagasc béim ar thábhacht an taighde d’Éirinn, agus dúirt sí: “Is táirgeoir agus onnmhaireoir mór déiríochta agus mairteola í Éire, agus cé go bhfuil margaí mairteola, caoireola agus déiríochta an-láidir faoi láthair, ní mór dúinn tuiscint a fháil ar an dóigh a bhféachtar ar roghanna malartacha feola.” Bíonn dearcthaí éagsúla ann i measc daoine aonair, eagraíochtaí agus cineálacha éagsúla próitéiní. Trí thaighde a rinne Teagasc agus COC in Éirinn, mar aon le léargas ó phríomh-mhargaí onnmhairiúcháin a bhailigh comhpháirtithe taighde ComMEATed, tá sé mar aidhm againn ár dtuiscint ar an margadh sin agus ar an tírdhreach beartais a neartú.

San imeacht sin, tugadh chun suntais na tuairimí difriúla ar fud na gcúig thír rannpháirteacha. Cé gur tháinig téamaí coiteanna chun cinn, níl aon chomhthuiscint ann maidir le cén chuma a bheadh ar aistriú i dtreo níos mó roghanna malartacha feola.

I ndiaidh an imeachta, thug an cainteoir, an Dr John Deely ó Teagasc, léargas óna agallaimh le feirmeoirí agus próiseálaithe bia Éireannacha: “Tá feirmeoirí agus próiseálaithe bia na hÉireann pragmatach agus comhfhiosach go sóisialta. Reáchtálann siad gnólachtaí agus ba mhaith leo go n-éireodh leis na gnólachtaí sin. Ag an am céanna, ba mhaith leo an fheirmeoireacht a chaomhnú laistigh de phobail tuaithe na hÉireann. B’fhéidir go gcuideodh roinnt roghanna malartacha feola leis na dé-spriocanna sin a bhaint amach, ach b’fhéidir nach gcuideoidh cinn eile. Tugtar le fios leis sin go bhféadfadh áit a bheith ag roghanna malartacha feola i dtodhchaí na hÉireann, ach tá sé tábhachtach a aithint cad iad na cinn a thugann na buntáistí is mó do shochaí na hÉireann ina hiomláine.”

Ag féachaint chun cinn, leanfaidh ComMEATted lena thaighde trí iniúchadh a dhéanamh ar iompraíochtaí tomhaltóirí i ndáil leis na táirgí sin, chomh maith leis an gcreat rialála a bhaineann lena dtáirgeadh san Eoraip.