An chéad chás deimhnithe de mhiléarach atá frithsheasmhach in aghaidh gliofosáite i gcórais churaíochta na hÉireann
Dheimhnigh Teagasc an chéad chás tuairiscithe de phobal páirce na miléaraí, seagalach Iodálach, atá frithsheasmhach in aghaidh gliofosáite.
Tá an tseagalach Iodálach ina mórdhúshlán cheana ar roinnt feirmeacha curaíochta in Éirinn, agus tá roinnt pobal frithsheasmhach in aghaidh luibhicídí roghnacha a úsáidtear i mbarra. Mar gheall ar ghníomhaíocht leathanspeictrim gliofosáite, tá frithsheasmhacht in aghaidh gliofosáite ina dúshlán i bhfad níos mó toisc go gcuireann sí teorainn an-mhór leis na roghanna rialaithe eile. Bunaithe ar mheasúnuithe i dtithe gloine agus ar anailís mhóilíneach ar an bpobal seagalach Iodálach deimhnithe, dheimhnigh an Dr Vijaya Bhaskar, Taighdeoir Fiailí, Rannóg an Taighde ar Bharra ag Teagasc, Páirc na Darach, gur “tástáladh an pobal seagalach Iodálach amhrasta le táirgí gliofosáite éagsúla ag ceithre ráta.” Rud a bhí ina ábhar imní ba ea go raibh na táirgí ar fad neamhéifeachtach, fiú ag an uasráta ceadaithe. Léiríodh le hanailís mhóilíneach sóchán sprice aitheanta ag suíomh EPSPS Pro-106-Ser, a bhfuil baint aige le frithsheasmhacht in aghaidh gliofosáite.
Is é sin an chéad chás deimhnithe in Éirinn, breis agus 50 bliain i ndiaidh gliofosáit a thabhairt isteach. Tá frithsheasmhacht in aghaidh gliofosáite forbartha in os cionn 50 speiceas fiailí ar fud an domhain. San Eoraip, feictear é sin den chuid is mó i mbarra ilbhliantúla amhail úlloird agus fíonghoirt, ach aimsíodh frithsheasmhacht in aghaidh glifosáite i seagalacha Iodálacha a fhaightear i mbarra arbhair san Iodáil in 2012 agus sa Ríocht Aontaithe in 2025 freisin. Ag labhairt dó faoin bhforbairt sin, dúirt an Dr. Ewen Mullins, Ceann Rannóg Eolaíochta Barra Teagasc, gur ábhar imní é an toradh sin go deimhin agus go mbeidh gá le tuilleadh imscrúdaithe chun frithsheasmhacht an phobail in aghaidh cineálacha eile luibhicíde a mheasúnú, agus bearta breise a fhorbairt, lena n-áirítear modhanna cultúrtha radacacha más gá nó nuair is gá.
