Le báinseacha féir/seimre báine, is féidir táirgeadh féaraigh a chothabháil, feidhmíocht ainmhithe a mhéadú, astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus brabúsacht feirme a mhéadú
D’fhoilsigh Teagasc athbhreithniú seachtrach ar a chlár taighde ar bháinseacha féir/seimre agus ilspeiceas, a rinne an Dr Sinclair Mayne, iar-POF Institiúid Bia Talmhaíochta agus Bitheolaíochtaí (AFBI) i dTuaisceart Éireann. Cuimsíodh taighde ó COBÁC ar bháinseacha ilspeiceas san athbhreithniú freisin. Choimisiúnaigh Stiúrthóir Teagasc, an tOllamh Frank O’Mara, an t-athbhreithniú chun scrúdú a dhéanamh ar an gclár taighde agus na príomhthorthaí go dtí seo a dhearbhú, lena chinntiú go raibh na teachtaireachtaí comhairleacha tábhachtacha d’fheirmeoirí á sintéisiú ón gclár taighde iomlán, agus chun aon bhearnaí taighde agus tosaíochtaí straitéiseacha amach anseo a shainaithint.
Tá sprioc leagtha amach i bPlean Gníomhaíochta Aeráide Rialtas na hÉireann chun laghdú 25% a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) ón talmhaíocht faoi 2030. Beart amháin atá tugtha chun suntais mar mhodh chun an sprioc sin a bhaint amach is ea úsáid leasacháin nítrigine (N) ceimicí a laghdú ar fheirmeacha na hÉireann. Má laghdaítear leibhéil N leasacháin, d’fhéadfaí, ní hamháin leibhéal na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ó thalmhaíocht na hÉireann a laghdú, ach d’fhéadfaí táirgeadh féaraigh a laghdú ar an leibhéal náisiúnta freisin, rud a mbeadh méadú ar an riachtanas beatha a cheannaítear mar thoradh air. Má laghdaítear N ceimiceach, áfach, d’fhéadfaí brabúsacht feirmeacha a fheabhsú i gcás ina gcuirfí nítrigin atá socraithe go bitheolaíoch ó léagúim in ionad nítrigin cheimiceach.
Rinne Teagasc agus COBÁC punann taighde ina ndéantar comparáid idir feidhmíocht báinseach ilbhliantúil seagalach agus báinseach ilbhliantúil seagalach/léagúm (seagalacha/seamair bhán le haghaidh innilt agus seagalacha/seimre deirge le haghaidh táirgeadh sadhlais) agus báinseach ilbhliantúil ilspeiceas (féar ina gcuimsítear seagalacha ilbhliantúla, Garbhfhéar, Tiomóid; léagúim ina gcuimsítear seamair dhearg agus bhán; luibheanna lena n-áirítear Siocaire agus Plantán). Rinneadh measúnú ar thionchar na gcineálacha éagsúla báinsí ar tháirgeadh luibhre, ar fheidhmíocht ainmhithe, ar inbhuanaitheacht an chomhshaoil agus ar bhrabúsacht feirmeacha le ba déiríochta, eallach mairteola agus caoirigh i réimse leathan leibhéil leasacháin N ceimiceach.
Leagadh béim san athbhreithniú ar an gcumas atá ag báinseacha ilbhliantúla seagalach/seimre báine a bhainistítear i gceart táirgeadh ábhair thirim féaraigh a choinneáil ar bun, feidhmíocht ainmhithe a mhéadú, astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus brabúsacht feirmeacha a mhéadú. Cinneadh freisin gur tháirg báinseacha ilbhliantúla seagalach/seimre báine a fuair 100 kg in aghaidh an heicteáir níos lú nítrigin cheimiceach táirgeadh féaraigh cosúil le ceann a tháirgfeadh báinseach ilbhliantúil nach mbíonn ann ach seagalacha amháin. Bhí sé sin bunaithe ar go raibh 20 go 25% de sheamair bhán ar an meán sa bháinseach ilbhliantúil seagalach/seimre báine le linn an tséasúir innilte. Ba é an dúshlán ba mhó a sainaithníodh ar leibhéal na feirme bunú agus coinneáil ábhar na seimre báine.
Chomh maith leis an éifeacht athsholáthair leasacháin, bhí táirgeadh bainne/méadú meáchain bheo níos airde ag baint leis an mbeostoc a bhí ag innilt ar bháinseacha ilbhliantúla seagalach/seimre báine Mar aon le coigilteas ar leasachán, bhí brabúsacht feirmeacha níos airde mar thoradh air sin. Bhí fianaise ann go raibh níos lú ocsaíd nítriúil á n-astú ag na báinseacha ilbhliantúla seagalach/seimre báine, rud a laghdaigh astaíochtaí gás ceaptha teasa, le taighde i ndáil le sceitheadh níotráite ag céim luath.
Léiríodh sna torthaí freisin go raibh an baol boilg sách íseal nuair a coinníodh cion na seimre báine ar an meán le linn an tséasúir innilte ag 20 go 25%, ach tá gá le faireachas. Mar sin féin, i gcásanna ina raibh cion na seimre níos airde ná 30%, agus/nó ina raibh cion an ábhair thirim luibhre íseal, bhí an baol boilg i bhfad níos mó agus, sna cásanna sin, ní mór monatóireacht chúramach a dhéanamh ar bheostoc chomh maith le bearta coisctheacha a úsáid. Ina theannta sin, leagadh béim sa tuarascáil ar an gcumas atá ag báinseacha ilbhliantúla seagalach/seimre deirge i gcórais sadhlais táirgeacht ard ábhair thirim a tháirgeadh le nítrigin cheimiceach íseal, agus gan mórán tionchair ar fheidhmíocht ainmhithe.
Léirítear sna torthaí go dtí seo i ndáil le báinseach ilspeiceas go bhfuil an fheidhmíocht cosúil le báinseacha ilbhliantúla seagalach/seamra bána den chuid is mó i dtéarmaí táirgeadh luibhre agus feidhmíocht ainmhithe. Léiríodh i torthaí staidéir níos déanaí, áfach, gur fadhb mhór í an easpa buanseasmhachta le báinseacha ilspeiceas, go háirithe mar go n-imíonn siocair, seamair dhearg agus plantán de chuid is mó laistigh de dhá nó trí bliana óna mbunú. D’fhéadfadh sé go mbeadh roinnt buntáistí comhshaoil ag baint le báinseacha ilspeiceas thar báinseach ilbhliantúil seagalach/seimre báine i dtéarmaí sceitheadh níotráite níos ísle agus bithéagsúlacht ithreach níos mó. D’fhéadfadh tairbhí a bheith ann freisin i dtéarmaí táirgeadh ábhair thirim níos airde i ndálaí triomaigh, ar an gcoinníoll go gcoimeádtar ábhar luibheanna laistigh den bháinseach.
Ghabh Stiúrthóir Teagasc, an tOllamh Frank O’Mara, buíochas leis an Dr Sinclair Mayne as an mbealach gairmiúil inar chuir sé an t-athbhreithniú i gcrích ag baint úsáid as a thaithí fhairsing ar chórais féaraigh. Leag an Stiúrthóir béim ar an tábhacht a bhaineann le glacadh níos mó le seagalacha/seamair bhán ilbhliantúil ar fheirmeacha féaraigh in Éirinn i bhfianaise na dtairbhí a thugtar chun suntais sa tuarascáil. Tá gá le teachtaireachtaí comhairleacha soiléire, gonta agus comhsheasmhacha eolaíochtbhunaithe láidir chun straitéis shoiléir a sholáthar d’fheirmeoirí agus iad ag iarraidh úsáid N ceimiceach a laghdú, agus ag an am céanna líon na bplandaí ar féarach a mhéadú. Mar an gcéanna, leag sé béim ar an tábhacht a bhaineann le taighde leanúnach go háirithe maidir leis na réimsí atá sainaitheanta san athbhreithniú seo.
Is féidir cóip den athbhreithniú ar chlár taighde Teagasc ar bháinseacha féir/seimre agus ar bháinseacha ilspeiceas a fháil ag https://www.teagasc.ie/publications/2025/external-assessment-of-teagascs-clover-and–mult-species-sward-research-programme.php
