Impíonn an tAire Healy-Rae go mbainfí úsáid shábháilte as lotnaidicídí, agus béim á leagan aige ar an tábhacht a bhaineann le sábháilteacht feirme
Leagadh béim ar shláinte agus sábháilteacht d’fheirmeoirí curaíochta ag ócáid barr i gCeatharlach inniu. D’iarr an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le Freagracht Speisialta as Sábháilteacht Feirme, Michael Healy-Rae, TD., ar fheirmeoirí mar úsáideoirí gairmiúla lotnaidicídí, a chinntiú go n-úsáidtear táirgí cosanta plandaí go sábháilte de réir lipéad an táirge
Ag labhairt ag an Lá Oscailte na mBarr agus na Teicneolaíochta, a reáchtáil Teagasc ag a Ionad Taighde agus Nuálaíochta Barr ag Pháirc na Darach, Ceatharlach, i gcomhpháirtíocht leis an Irish Farmers Journal, dúirt an tAire Healy-Rae:
“Tá mé ag meabhrú d’fheirmeoirí faoi thábhacht láimhseáil lotnaidicídí go sábháilte de réir na dtreoracha ar lipéad ceadaithe an táirge. Caith an trealamh cosanta pearsanta cuí agus tú ag obair le lotnaidicídí agus léigh an lipéad chun baol duit féin agus d’aon duine eile a oibríonn leis na ceimiceáin seo a sheachaint.”
Léiríodh raon leathan teicneolaíochta maidir le húsáid éifeachtach lotnaidicídí ag an lá oscailte lena n-áirítear spraeáil rialaithe GPS, teicneolaíocht uathoibríoch malartaithe buinní, rialú airde búm faoi rialú braiteora chun sruth agus teicneolaíocht spraeála ‘paiste’ faoi rialú braiteora a laghdú chun limistéir barr a shainaithint ar cheart aird a thabhairt orthu.
Chuaigh comhairleoirí Sláinte agus Sábháilteachta Teagasc i gcomhpháirtíocht le foireann ó Rannán Rialaithe Lotnaidicídí na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara chun na riachtanais riachtanacha a bhaineann le húsáid shábháilte lotnaidicídí a léiriú, agus béim á leagan acu ar an tábhacht a bhaineann le sábháilteacht feirme.
Mhol Saineolaí Sláinte agus Sábháilteachta Teagasc Francis Bligh:
“Caithfidh iad siúd a úsáideann táirgí gairmiúla cosanta plandaí a bheith cláraithe leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM) mar Úsáideoir Gairmiúil (ÚG). Is éard atá i gceist leis seo ná an oiliúint riachtanach a cur i gcrích. Ba cheart an spraeire, nó an riarthóir lotnaidicíde, a thástáil agus a bheith in ord oibre maith agus calabraithe i gceart. Is réamhriachtanais iad freisin trealamh cosanta pearsanta oiriúnach a úsáid, coimeádáin cheimiceacha a shruthlú go sábháilte agus níochán spraeire a dhiúscairt chun lotnaidicídí a úsáid go sábháilte.”
D’iarr Saineolaí Teagasc ar fheirmeoirí aird ar leith a thabhairt ar úsáid Trealaimh Chosanta Phearsanta (PPE). Fuarthas amach i staidéar UCD a rinneadh le déanaí bunaithe ar shuirbhé ar líne i measc fheirmeoirí na hÉireann ar chomhlíonadh na rialacha maidir le lotnaidicídí a chur i bhfeidhm, cé go raibh comhlíonadh maith foriomlán ann, go bhfuair úsáid PPE an scór is ísle (65.5%) i measc raon catagóirí comhlíonta.
Tá faisnéis maidir le stóráil, láimhseáil agus úsáid shábháilte ceimiceán feirme, lena n-áirítear lotnaidicídí, mar aon le straitéisí coiscthe riosca ar fáil i ndoiciméad an Chóid Cleachtais agus Measúnaithe Riosca um Shábháilteacht Feirme de chuid an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta.
