Our Organisation Search Quick Links
Toggle: Topics

Muinín agus Cothroime a Chothú: Le Taighde Nua Tugtar chun Suntais Conairí chuig Forbairt Rathúil Bithgheilleagair in Éirinn

Is rogha eile seachas acmhainní iontaise críochta é an bithgheilleagar, réiteach ar an athrú aeráide, agus deis le haghaidh fás eacnamaíoch, ach cad a cheapann na daoine ar dóigh go rachaidh a fhorbairt ar an leibhéal áitiúil i gcion orthu faoi? I staidéar nua PhD ina raibh Teagasc, COBÁC agus BiOrbic páirteach, rinneadh scrúdú ar an gceist sin le feirmeoirí agus leis an bpobal i gcoitinne i gCorcaigh agus i gCiarraí, agus cuireadh béim ar leith ar dhíleá anaeróbach agus ar bhithscagadh féir. Is féidir leis na nuálaíochtaí sin táirgí fiúntacha agus fuinneamh a dhéanamh de bhunábhair amhail féar agus sciodar, le cois bia.

Mar chuid de Sheachtain Bhithgheilleagair na hÉireann 2025, tá aird á tarraingt ag Teagasc ar thaighde nua lena scrúdaítear conas is féidir le pobail agus feirmeoirí páirt a ghlacadh i bhforbairt nuálaíochtaí bithgheilleagair. Mar chuid dá staidéar PhD dar teideal “Exploring Social Acceptance of the Bioeconomy: A Case Study of the South-West Region of Ireland”, rinne Mina Sadeghzadeh, atá lonnaithe in Ionad Taighde Bia Theagaisc, Baile an Ásaigh, Baile Átha Cliath, scrúdú ar ghlacadh le cleachtais úsáide talún agus bonneagar a bhaineann le dhá nuálaíocht bhithgheilleagair: Bithscaglanna Féir (GB) agus Díleá Anaeróbach (AD).  Dhírigh sí ar an bpobal agus ar fheirmeoirí i réigiún thiar theas na hÉireann, ós rud é gur féidir leis an dá pháirtí leasmhara thábhachtacha sin tionchar a imirt i bhforbairt an bhithgheilleagair agus gur féidir tionchar a imirt orthu maidir léi. Nochtar sa staidéar gur féidir le pobail agus le feirmeoirí dul trí chéimeanna iompraíochta ar leith, ó thoilteanas (glacadh éighníomhach) go rún, agus ar deireadh go tacaíocht ghníomhach, agus gur féidir difríochtaí a bheith ina ndearcthaí maidir leis na nuálaíochtaí sin.

 Tacaíocht Phoiblí: Dáimh le hÁit agus Ceartas

Agus samhlacha iompraíochta á n-úsáid, fuarthas sa staidéar go mbíonn tionchar ag an dáimh mhothúchánach atá ag daoine lena gceantar áitiúil (dáimh le háit) ar a n-oscailteacht do na nuálaíochtaí sin, agus go mbíonn tionchar suntasach ag an gceartas braite (cothroime) ar thacaíocht ghníomhach. Bíonn tionchar ag dearcadh an phobail ar thrédhearcacht agus ar an bpróiseas a úsáidtear chun cinntí a dhéanamh agus guth a thabhairt do pháirtithe leasmhara, ar cheartas nós imeachta, ar a dtacaíocht, agus dearcthaí dearfacha ann maidir le feabhas a bheith á chur ag ceartas nós imeachta ar ghlacadh in ainneoin ábhair imní fhéideartha faoi thionchair ar an tírdhreach tuaithe nó rioscaí sláinte.

“Bíonn pobail níos oscailte do nuálaíochtaí bithgheilleagair ar nós AD nuair a bhraitheann siad go gcuimsítear iad, go gcuirtear ar an eolas iad agus go bhfuil meas orthu,” a deir Mina Sadeghzadeh. “Tá cothroime nós imeachta agus rannpháirtíocht fhiúntach chomh tábhachtach céanna le feidhmíocht theicniúil chun glacadh a bhaint amach.” Nochtadh lenár dtaighde go bhfuil tábhacht leis an gceartas i dtéarmaí glactha i gcás chónaitheoirí Éireannacha i réigiún an iardheiscirt. Mar sin féin, míníonn ceartas nós imeachta cion níos mó dá dtacaíocht ná ceartas dáileacháin, nó cothroime maidir leis an dóigh a ndáiltear acmhainní, tairbhí agus rioscaí.”

Glacadh ag feirmeoirí: muinín, noirm, iontaoibh agus ceartas

Maidir le bithscaglanna féir, is é cé chomh ábalta agus a mhothaíonn siad maidir le bithmhais a sholáthar a spreagann toilteanas feirmeoirí chun glacadh leis, rud a léiríonn go bhfuil cumhachtú ríthábhachtach don rannpháirtíocht. Maidir le díleá anaeróbach, leanann rannpháirtíocht próiseas níos tomhaiste a bhraitheann go mór ar mhuinín agus ar cheartas. Is mó seans go ndéanfaidh feirmeoirí gealltanas go soláthróidh siad bithmhais nuair a fheiceann siad AD mar rud atá trédhearcach, cothrom agus ailínithe lena luachanna. Mar sin féin, murab ionann agus an pobal, arb é an ceartas nós imeachta an cearta is tábhachtaí acu, bíonn tionchar beagán níos mó ag an gceartas dáileacháin, is é sin an chothroime maidir le conas a roinntear tairbhí agus ualaí, i measc feirmeoirí. Léirítear a gcaidreamh níos dírí leis an mbithgheilleagar, i gcás ina gcinntear a rannpháirtíocht le luach saothair inbhraite agus comhroinnt chothrom tairbhí.

 “Toisc go mbíonn cur chuige difriúil ag feirmeoirí i leith gach nuálaíochta, ní foláir go mbeidh straitéisí rannpháirtíochta ag teacht leis an loighic iompraíochta atá uathúil do gach teicneolaíocht,” a deir an tOllamh Maeve Henchion, Príomhoifigeach Taighde Theagaisc agus comh-mhaoirseoir ar an staidéar PhD. Dúirt sí, “D’fhéadfadh taispeántas praiticiúil agus piarfhoghlaim tairbhiú do bhithscaglanna féir, ach braitheann glacadh díleá anaeróbaí níos mó ar chothú muiníne, cothroime agus soiléireacht institiúideach.”

Creat Nua do Bhithgheilleagar na hÉireann

Trína thaighde leanúnach, is féidir le Teagasc cuidiú le conairí bithgheilleagair atá cuimsitheach go sóisialta agus go háitiúil a fhorbairt, rud a chinnteoidh go mbeidh an pobal Rannpháirteach in aistriú na hÉireann i dtreo bithgheilleagair. Cuirtear i láthair leis an taighde PhD sin ceann de na chéad chreataí comhtháite chun glacadh an phobail agus feirmeoirí le nuálaíochtaí bithgheilleagair in Éirinn a thuiscint. Trína léiriú conas is féidir le tosca mothúchánacha, morálta agus institiúideacha tionchar a imirt ar athrú iompraíochta, soláthraítear leis treochlár do lucht déanta beartas, do phleanálaithe agus don tionscal le haghaidh forbairt bithgheilleagair atá cuimsitheach agus bunaithe go sóisialta.

“Ní smaointe teibí amháin iad cothroime, muinín agus freagracht phearsanta,” a dúirt Mina Sadeghzadeh . “Tá siad ina bhonn le bithgheilleagar inbhuanaithe in Éirinn, ceann ina bhfuil pobail agus páirtithe leasmhara ina gcomhpháirtithe gníomhacha sa bhithgheilleagar.” Dúirt an tOllamh Eoin Ó Néill, COBÁC agus comh-mhaoirseoir PhD; “Léirítear leis an obair sin an dóigh a bhféadfadh an eolaíocht tionchar a imirt ar bheartas agus ar rannpháirtíocht an phobail.” Tá sé ríthábhachtach go dtuigfear cad a spreagann glacadh an phobail agus feirmeoirí lena chinntiú go bhfásfaidh bithgheilleagar na hÉireann ar bhealach cóir, cuimsitheach agus inbhuanaithe.”