Fógraítear buaiteoirí na nduaiseanna i gcomórtas grianghrafadóireachta ‘This is Dairying’ de chuid Theagaisc

Bhronn Martin Heydon T.D., an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara na duaiseanna ar bhuaiteoirí na nduaiseanna i gcomórtas grianghrafadóireachta ‘This is Dairying’ de chuid Theagaisc ag lá oscailte déiríochta Theagaisc sa Chloch Liath, Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí. Sa phictiúr (ó chlé go deas): Maureen O’Meara, FBD; Imelda Kinsella, Baile Héil, Co. Chill Chainnigh, buaiteoir chomórtas grianghrafadóireachta ‘This is Dairying’ de chuid Theagaisc; Martin Heydon T.D., an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara; an duine a fuair an dara háit, Anne Murphy, Caisleán Mhaighnéaraigh, Co. Chorcaí agus Conor Hogan, Bainisteoir an Chláir Daoine sa Déiríocht de chuid Theagaisc.
Bhronn Martin Heydon T.D., an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara na duaiseanna ar an mbuaiteoir agus ar an duine a fuair an dara háit i gcomórtas grianghrafadóireachta ‘This is Dairying’ de chuid Theagaisc ag lá oscailte déiríochta Theagaisc sa Chloch Liath, Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí.
Sa chomórtas ‘This is Dairying’, tugtar cuireadh do rannpháirtithe grianghraf a uaslódáil a léiríonn na rudaí is ansa leo faoi dhéiríocht na hÉireann. Ba é an cuspóir leis an gcomórtas grianghrafadóireachta feirmeoirí a spreagadh chun íomhánna dearfacha a roinnt faoi na rudaí is ansa leo faoin bhfeirmeoireacht déiríochta chun na cúiseanna iomadúla gur gairm mhealltach í an fheirmeoireacht déiríochta a thaispeáint.
Bhí an comórtas grianghrafadóireachta “This is Dairying”, tacaithe ag FBD Insurance, ar siúl le linn mhí an Mheithimh agus chuir breis agus 300 iontrálaí isteach air.
Fógraíodh Imelda Kinsella, Baile Héil, Co. Chill Chainnigh mar bhuaiteoir iomlán an chomórtais grianghrafadóireachta ‘This is Dairying’ de chuid Theagaisc, agus ba í Anne Murphy, Caisleán an Mhaignéaraigh, Co. Chorcaí, a tháinig sa dara háit.
An Buaiteoir Iomlán
Ba í Imelda Kinsella ó Chontae Chill Chainnigh a ghlac agus a chuir isteach an grianghraf a tháinig sa chéad áit. Tá a mac óg sa phictiúr agus é “ag coinneáil súil ghéar ar na bodóga beaga”.
An Dara hÁit
Ba í Anne Murphy as Co. Chorcaí a bhuaigh an duais don dara háit. Agus a hiontráil á cur isteach aici, dúirt Ann “Crossing the Cows. Each evening as I watch on, I think of the important role these three play in our milking. No fuss, no fanfare just quiet purpose and pride in the job they do. This is dairying.”
Roghnaíodh dhá dhuine eile sa bhabhta ceannais sa chomórtas. Ba iad sin:
Caroline Kiely ó Chontae Chorcaí
Agus
Lorna O’Shea, Co. Chill Chainnigh
Dúirt an Dr Conor Hogan, Bainisteoir an Chláir Daoine sa Déiríocht de chuid Theagaisc: “Bhí tasc deacair ach taitneamhach ag na moltóirí ag breathnú ar os cionn 300 iontráil agus ag cinneadh bhuaiteoirí na nduaiseanna. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na buaiteoirí sa chéad áit agus sa dara háit, agus buíochas a ghabháil le gach duine a chuir isteach ar an gcomórtas as na grianghraif áille a sheol siad isteach. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le FBD Insurance as a dtacaíocht fhlaithiúil don chomórtas freisin.”
Fuair an buaiteoir iomlán €500 i ndeartháin FBD, agus fuair an duine sa dara háit €300 i ndeartháin FBD. Fuair na buaiteoirí sa chéad áit agus sa dara háit a ngrianghraf i bhfráma gairmiúil chomh maith. Fuair an bheirt eile sa bhabhta ceannais €100 i ndeartháin FBD.
