Foilsíonn Teagasc Buaicphointí Tionchair Taighde in 2024

Bhí ról lárnach ag an bhfoireann ag Ionad Náisiúnta Bia Ullmhaithe do Thomhaltóirí, Teagasc i mBaile an Ásaigh, i dtaca le tacú leis an gcomhlacht nuathionscanta nuálach Ocras i bhforbairt bianna uighneacht-mhodhnaithe le haghaidh diosfaige (deacracht slogtha) atá sábháilte, sách cothaitheach, agus tarraingteach ó thaobh amhairc de.
Tá tionchar a chuid taighde a baineadh amach in 2024 tugtha chun suntais ag Teagasc i bhfoilseachán nua dar teideal ‘Buaicphointí Tionchair Taighde’ de chuid Theagaisc in 2024’ (Teagasc Research Impact Highlights in 2024’). Mar is amhlaidh leis an gcaiteachas poiblí uile, is inmhianaithe agus is gá luach ar airgead a léiriú agus tionchar na hinfheistíochta i dtaighde eolaíoch a chur in iúl. Léirítear leis an bhfoilseachán sin na tairbhí ollmhóra a bhaineann le hinfheistíocht cistí poiblí i dtaighde eolaíoch d’earnáil agraibhia na hÉireann. Cuirtear 20 cás-staidéar i láthair san fhoilseachán sin lena dtugtar chun suntais na tionchair nua sin a baineadh amach in 2024.
Mar a deir Stiúrthóir Taighde Theagasc, an tOllamh Pat Dillon: “Tá an t-ádh le Teagasc go bhfuil croí eolaithe den scoth aige, le tacaíocht ó fhoireann theicniúil, feirme, chomhairleach, speisialtóireachta agus riaracháin den scoth, a gcuidíonn a gcuid oibre lenár n-aschur taighde comhchoiteann”.
Tá cuid de na samplaí ó ‘Bhuaicphointí Tionchair Taighde in 2024’ de chuid Theagaisc leagtha amach thíos:
Fás féir a réamhaisnéisiú d’fheirmeoirí
Is féidir le fás seachtainiúil féir athrú go mór agus, leis an athrú aeráide, tá sé ag éirí níos dothuartha. D’fhorbair an Dr Elodie Ruelle agus a comhghleacaithe samhail Fáis Féir Moorepark St Giles (MoSt GG) agus rinneadh í a chalabrú ag baint úsáid as sonraí aimsire agus ithreach na hÉireann chun athraitheacht i bhfás féir i ndálaí éagsúla a ghabháil. Ó 2019 i leith, úsáidtear é chun fás féir ar fheirmeacha féaraigh tráchtála a thuar agus, ó 2020 i leith, bhí réamhaisnéisí ina gné ar an teilifís náisiúnta trí Réamhaisnéis Feirmeoireachta RTÉ. In 2024, rinneadh céim mhór chun cinn lena chomhtháthú in PastureBase Ireland, uirlis tacaíochta cinnteoireachta náisiúnta ar líne a úsáideann os cionn seacht míle feirmeoir féaraigh chun an dea-chleachtas i mbainistíocht féaraigh a chur chun feidhme in 2024.
Cuireann tearcthuairisciú gortuithe isteach ar shábháilteacht ar an bhfeirm
Baineann tearcthuairisciú suntasach le gortuithe feirme ar fud na hÉireann agus an Aontais, rud a theorannaíonn éifeachtacht na mbeartas sábháilteachta. Mar chuid den tionscadal SafeHabitus atá maoinithe ag an Aontas, tharraing taighdeoirí de chuid Theagaisc, na Dochtúirí David Meredith, John McNamara, agus Diana van Doorn, aird ar bhearnaí sna sonraí reatha agus mhol siad táscairí sábháilteachta tábhachtacha lena gcuimsiú i suirbhé Líonra Sonraí Inbhuanaitheachta Feirme an Aontais Eorpaigh (FSDN). Áirítear leo sin líon na ngortuithe a bhaineann le hobair, plean sábháilteachta feirme a bheith ann, agus soláthar oiliúna sábháilteachta. Trí oibriú le lucht déanta beartas an Aontais agus le comhpháirtithe ar fud 11 bhallstát, d’éirigh leis an tionscadal comhaontú a fháil chun na táscairí sin a chuimsiú in FSDN ó 2025 ar aghaidh. Is é sin an chéad chóras caighdeánaithe ar fud an Aontais maidir le monatóireacht a dhéanamh ar ghortuithe feirme i measc feirmeoirí féinfhostaithe, rud a léiríonn an dóigh ar féidir le habhcóideacht taighdebhunaithe bearnaí beartais a dhúnadh, agus ar deireadh feabhas a chur ar chaighdeáin sábháilteachta d’oibrithe talmhaíochta ar fud na hEorpa.
Úiré chosanta: ag laghdú astaíochtaí agus táirgeadh á choinneáil ar bun
Is teicneolaíocht thábhachtach í d’earnáil talmhaíochta na hÉireann úiré chosanta (PU) a úsáid in ionad níotráit amóiniam cailciam (CAN) chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Tá an úsáid as úiré chosanta ag fás go seasta, ó thart ar 10% in 2021 go 26% in 2024, ach ní mór méadú suntasach a dhéanamh air sin má tá a spriocanna laghdaithe carbóin aeráide le baint amach ag an talmhaíocht faoi 2030.
Mar gheall ar dhálaí aimsire dúshlánacha in 2024, cheistigh feirmeoirí agus an earnáil talmhaíochta feidhmíocht táirgeachta na húire cosanta. I dtriail allamuigh fhadtéarmach ar leasachán nítrigine (N) ag Teagasc i gCaisleán Bhaile Sheáin, a rinne Mark Plunkett, an Dr. Patrick Forrestal, agus a chomhghleacaithe, rinneadh comparáid idir meascáin éagsúla leasacháin thar 10 mbliana. Léiríodh leis na torthaí gur baineadh amach táirgeacht chomhchosúil ag baint úsáid as na táirgí úiré cosanta a tástáladh agus maidir le CAN – lena n-áirítear in 2024. Chuir foireann Theagaisc na torthaí seo in iúl go forleathan don tionscal talmhaíochta chun dearbhú a thabhairt d’fheirmeoirí a úsáideann táirgí úiré cosanta.
Táirgí bia d’othair a bhfuil diosfaige orthu
Bhí ról lárnach ag an Ionad Náisiúnta Bia Ullmhaithe do Thomhaltóirí, Teagasc i mBaile an Ásaigh, i dtaca le tacú leis an gcomhlacht nuathionscanta nuálach Ocras i bhforbairt bianna uighneacht-mhodhnaithe le haghaidh diosfaige (deacracht slogtha) atá sábháilte, sách cothaitheach, agus tarraingteach ó thaobh amhairc de. Chinntigh an chomhpháirtíocht, faoi stiúir bhainisteoir an Ionaid Náisiúnta Bia Ullmhaithe do Thomhaltóirí, Shay Hannon, tráchtálú rathúil ar réimse táirgí uathúla. Tá conarthaí déanta ag an gcuideachta le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte in Éirinn, agus le tithe altranais agus tá sí i mbun plé leis an tSeirbhís Náisiúnta Sláinte lena tairiscintí a leathnú isteach i margadh na Ríochta Aontaithe.
Tá feabhas curtha le cur chuige nuálach Ocras i leith dearadh bia agus pacáistíochta ar chaighdeán beatha daoine a bhfuil deacrachtaí slogtha acu agus inbhuanaitheacht á cur chun cinn trí laghdú dramhaíola.
Mar fhocal scoir ag an Ollamh Dillon: “Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt dár gcomhoibritheoirí in ollscoileanna agus i gcomhlachtaí seachtracha eile, lena n-áirítear an pobal feirmeoireachta agus cuideachtaí agraibhia, a bhfuil baint dhíreach acu le go leor dár dtionscadail taighde. Ba mhaith liom aird a tharraingt freisin ar Scoláirí Walsh agus ar chomhaltaí iardhochtúireachta Theagaisc, a bhfuil an méid a chuireann siad lenár ngníomhaíochtaí taighde leanúnacha thar a bheith luachmhar”.
