Our Organisation Search Quick Links
Toggle: Topics

Seolann an tAire Stáit Michael Healy-Rae Bileog ‘Take Care’ chun Tacú le Feirmeoirí maidir le hAirtríteas a Bhainistiú

Sheol an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Healy-Rae T.D., comhfhoilseachán Ireland/Theagaisc, “Take Care – Protect your joints, protect your farm life,”

Sheol an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Healy-Rae T.D., comhfhoilseachán Ireland/Theagaisc, “Take Care – Protect your joints, protect your farm life,” Sa phictiúr (C go D); Tim O’Sullivan, Cathaoirleach Arthritis Ireland; an Dr Stan Lalor, Stiúrthóir um Aistriú Eolais Theagaisc; an tAire Stáit, Michael Healy-Rae, T.D; Gráinne O’Leary, Príomhfheidhmeannach, Arthritis Ireland; agus an Dr John McNamara, Sainchomhairleoir Sláinte agus Sábháilteachta Theagaisc.

Sheol an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Healy-Rae T.D., comhfhoilseachán Arthritis Ireland/Theagaisc,  “Take Care – Protect your joints, protect your farm life”. Leis an acmhainn luachmhar nua sin, cuirtear treoir ar fáil d’fheirmeoirí maidir le hairtríteas a aithint, a chosc agus a bhainistiú. Is riocht é airtríteas a bhuaileann duine amháin as gach cúigear in Éirinn agus is é an phríomhchúis le míchumas ar fud na tíre é.

Ba í Maebh Coyle, Oifigeach Faisnéise Sláinte ag Arthritis Ireland a d’fhorbair an foilseachán in éineacht leis an Dr John McNamara agus Francis Bligh, Speisialtóirí Sláinte agus Sábháilteachta ag Teagasc.

Ag labhairt dó ag an seoladh, leag an tAire Healy-Rae béim ar an tábhacht a bhaineann le tacú le feirmeoirí lena sláinte agus lena bhfolláine a chothabháil. Dúirt sé:

“Tá comhairle luachmhar sa bhileog seo don phobal feirmeoireachta maidir le  siomptóim airtrítis a aithint agus a bhainistiú.” Tá an t-ábhar sa bhileog bunaithe ar na torthaí taighde is déanaí agus leagtar amach inti straitéisí agus leideanna úsáideacha maidir le conas an seans go bhforbrófaí airtríteas a íoslaghdú agus tionchar an ghalair a laghdú.

Léirítear i sonraí ó Shuirbhé Náisiúnta Feirmeacha Theagaisc go bhfuil galair mhatánchnámharlaigh (MSDanna) ina bpríomhchúis le míchumas i measc feirmeoirí, rud a fhágann go laghdaítear ioncam agus fostaíocht. Is ábhar mór buartha é gur thuairiscigh 57% d’fheirmeoirí gur chaill siad laethanta oibre mar gheall ar MSDanna agus gur chaill os cionn 22% 15 lá nó níos mó mar gheall ar ghalar a chuir isteach ar an droim, an cnámh droma, an muineál, na guaillí, na cromáin agus na lámha.

Chuir Gráinne O’Leary, an Príomhfheidhmeannach ag Arthritis Ireland, fáilte roimh fhoilsiú na bileoige. Dúirt sí:

“Tá sé mar aidhm leis an mbileog seo feasacht a mhúscailt maidir le hartríteas, cuidiú le feirmeoirí agus a dteaghlaigh bearta réamhghníomhacha a dhéanamh chun siomptóim a bhainistiú agus an baol go n-éireodh na hailt níos meas a laghdú agus iad ag leanúint ar aghaidh ag obair.” Má thugann tú tús áite do do shláinte féin, beidh tionchar dearfach aige sin ar do shaol oibre ar an bhfeirm, ar do chaidreamh le daoine eile, agus ar d’fholláine ar an iomlán.

Agus béim a leagan aici ar a úsáid phraiticiúil, léirigh an Dr McNamara gur féidir le feirmeoirí creat ‘Take Care a chur i bhfeidhm mar mheabhrúchán simplí ach éifeachtach maidir leis na céimeanna riachtanacha chun a n-ailt a chosaint:

T:  Smaoinigh ar an dóigh a ndéanann tú rudaí ar an bhfeirm.

A: Bíodh sé mar aidhm agat gníomhaíocht níos struchtúrtha a chuimsiú i do ghnáthamh.

K: Coinnigh cumarsáid chomh hoscailte agus chomh macánta agus is féidir.

E: Téigh i dteagmháil le Arthritis Ireland le haghaidh seirbhísí agus tacaíocht ríthábhachtach.

C: Tabhair aire duit féin chomh maith le haire a thabhairt do d’fheirm (agus do dhaoine eile).

A: Cuimhnigh i gcónaí gur féidir le hathruithe beaga difríocht mhór a dhéanamh.

R: Aithnigh na siomptóim.

E: Cuir eolas ort féin faoi airtríteas agus comhairle maidir le stíl mhaireachtála.

 D’athdhearbhaigh Francis Bligh ó Theagasc an tábhacht a bhaineann le feasacht sláinte a chomhtháthú i saol na feirme agus luaigh sé tacaíocht bhreise lena n-áirítear an réimse leathan acmhainní atá ar fáil ar shuíomh gréasáin Arthritis Ireland lena n-áirítear líne chabhrach náisiúnta rúnda saor in aisce na heagraíochta (0818 252 846).

Tá an bhileog Take Care ar fáil anois trí Arthritis Ireland agus Teagasc. Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar Arthritis IrelandTeagasc.