Our Organisation Search Quick Links
Toggle: Topics

Fáiltíonn Teagasc roimh infheistíocht nua an Oileáin Chomhroinnte chun nuálaíocht sa Bhithgheilleagar Gorm a spreagadh

Chuir Teagasc fáilte roimh an bhfógra faoi mhaoiniú nua faoi thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte chun tacú le fás bhithgheilleagar na hÉireann, agus fócas ar leith ar an mbithgheilleagar gorm.

Tacóidh an infheistíocht €4.5 milliún, a d’fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le déanaí, le soláthar AIMBIO, Scaglanna Bithbhunaithe Muirí Uile-Oileáin le haghaidh Bithgheilleagar Ciorclach-Gorm. Tá an tionscadal á chomhordú ag Teagasc agus tugtar le chéile leis comhpháirtíocht láidir uile-oileáin de pháirtithe leasmhara acadúla, taighde agus tionscail. Fógraíodh é roimh Sheachtain Bhithgheilleagair na hÉireann 2025, i gcás ina bhfuil an bithgheilleagar gorm ar cheann de na príomhthéamaí a thugtar chun suntais.

Léireofar le AIMBIO conas is féidir dramhaíl ó earnáil muirí agus earnáil uisceach na hÉireann, lena n-áirítear dobharshaothrú agus próiseáil bia mara, a aistriú go comhábhair ardluacha d’earnálacha amhail bia, beatha, cosmaidí agus ceimiceáin. Trí láithreáin taispeána i dTuaisceart Éireann agus i bPoblacht na hÉireann araon, cuirfear ardán tástála ar fáil  leis an tionscadal sa saol mar atá do nuálaíocht bhithbhunaithe agus do chleachtais an gheilleagair chiorclaigh.

Dúirt an tOllamh Frank O Mara, Stiúrthóir Theagaisc: “Is infheistíocht thráthúil agus straitéiseach í seo a chuireann le láidreachtaí Theagaisc i dtaighde feidhmeach, i bhforbairt agus nuálaíocht scileanna bonneagair speisialaithe.”  Táimid bródúil as an tionscadal comhoibríoch AIMBIO a threorú mar chuid d’iarracht níos leithne bith-acmhainní muirí na hÉireann a úsáid ar bhealach inbhuanaithe, ciorclach.”

Faoi stiúir an Ollaimh Brijesh Tiwari, Príomhoifigeach Taighde i dTeagasc, agus lonnaithe ag an Ionad Náisiúnta Bia Ullmhaithe do Thomhaltóirí, Ionad Bia Theagaisc i mBaile an Ásaigh, cuirfidh AIMBIO forbairt agus taispeántas teicneolaíochtaí ard-TRL don bhithgheilleagar chun cinn. Cuirfear feabhas leis an tionscadal ar an gcomhoibriú le comhpháirtithe ó Choláiste na Tríonóide, BÁC, TUS, ATU, AFBI, agus Stáisiún Taighde Mara Indigo Rock, chomh maith le gníomhaithe tionscail tábhachtacha ar fud na n-earnálacha dobharshaothraithe, bia mara agus comhábhar.

Comhlánaíonn an tionscnamh na cuspóirí náisiúnta a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta Bithgheilleagair do 2023-2025 agus tacaíonn sé le forbairt scileanna, fiontair ghlasa, agus nuálaíocht tuaithe, trí cholún atá lárnach i gclár oibre Sheachtain Bhithgheilleagair na hÉireann. Déanfaidh Teagasc infheistíocht i dtrealamh agus i saoráidí nua i mBaile an Ásaigh ag baint úsáid as a sciar de €1.9 milliún den mhaoiniú, rud a neartóidh acmhainn na hÉireann tuilleadh maidir le bithphróiseáil mhuirí chiorclach agus taispeántas dírithe ar an tionscal.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi ghníomhaíochtaí agus ionchuir Theagaisc i Seachtain Bhithgheilleagair na hÉireann, féach