AgNav aitheanta mar nuálaíocht dhomhanda i mBunathrú Inbhuanaithe Beostoic

Stiúrthóir Theagaisc, an tOllamh Frank O’Mara, le Natasha Browne, David Kenny, agus Sarah McPherson ag Comhdháil Dhomhanda um Bunathrú Inbhuanaithe Beostoic Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO), a bheidh ar siúl i gCeanncheathrú FAO sa Róimh, an Iodáil, ón 29 Meán Fómhair go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2025.
Tá páirt á glacadh ag Teagasc i gComhdháil Dhomhanda um Bunathrú Inbhuanaithe Beostoic Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO), a bheidh ar siúl i gCeanncheathrú FAO sa Róimh, an Iodáil, ón 29 Meán Fómhair go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2025. Tugtar le chéile leis an gcomhdháil baill den FAO, lucht déanta beartas, feirmeoirí, cuideachtaí príobháideacha, an tsochaí shibhialta, eagraíochtaí neamhrialtasacha, taighdeoirí, agus gníomhaireachtaí forbartha chun eispéiris a roinnt agus réitigh inghníomhaithe le haghaidh bhunathrú inbhuanaithe na hearnála beostoic a thaispeáint. Tá sé ag díriú ar athrú a chothú, nuálaíochtaí a mhéadú, agus réitigh dhomhanda a spreagadh.
I ndiaidh próiseas roghnúcháin idirnáisiúnta iomaíoch, roghnaíodh AgNav mar cheann de na 20 nuálaíocht dhomhanda is fearr a luathaíonn an bunathrú inbhuanaithe beostoic. Roghnaíodh AgNav as na céadta iarratas, agus cuirfear i láthair é sa seisiún tiomnaithe, “Nuálaíochtaí Teicneolaíochta a Chur i Láthair le haghaidh Bunathrú Inbhuanaithe Beostoic, Sláinte Amháin agus Sláinte Ainmhithe.” Is ardán inbhuanaitheachta digiteach é AgNav d’fheirmeoirí Éireannacha, arna fhorbairt i gcomhpháirt ag Teagasc, Bord Bia, agus ICBF, le tacaíocht ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Déanfaidh Natasha Browne, Teicneolaí Inbhuanaitheachta Aeráide ag Teagasc, cur i láthair thar ceann chomhpháirtithe AgNav, ina gcuirfear deis uathúil ar fáil chun aird a tharraingt ar cheannaireacht na hÉireann san inbhuanaitheacht chomhshaoil do bhreis agus 1,000 rannpháirtí domhanda.

Natasha Brown, Teagasc, ag tabhairt aithisc i gComhdháil Dhomhanda um Bunathrú Inbhuanaithe Beostoic Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO), a bheidh ar siúl i gCeanncheathrú FAO sa Róimh, an Iodáil, ón 29 Meán Fómhair go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2025
Chomh maith leis sin, beidh an tOllamh Frank O’Mara, Stiúrthóir Theagaisc agus Uachtarán an Tascfhórsa Eorpaigh um Ainmhithe, ina chathaoirleach ar imeacht taoibh dar teideal “Ceannairí an Lae Inniu, Rath an Lae Amárach – Ceannaireacht na nÓg i mBeostoc Inbhuanaithe” Dé Máirt an 30 Meán Fómhair. Déanfar iniúchadh sa seisiún ar chur chuige praiticiúil agus cuimsitheach i leith cumhacht a thabhairt don aos óg mar cheannairí amach anseo i mbunathrú beostoic.
Beidh an tOllamh David Kenny, an Ceann Taighde Ainmhithe agus Bitheolaíochta ag Teagasc, páirteach i bplé painéil ar “Scaling Technological Innovations: Insights from Successes,” ina dtugtar chun suntais teicneolaíochtaí a bhfuil tionchar acu mar chatalaígh d’athrú inbhuanaithe ar an earnáil beostoic.
Agus machnamh á dhéanamh aige ar ról na hÉireann, dúirt an tOllamh Frank O’Mara: “Fianaise is ea sárthaispeántas AgNav mar réiteach inghníomhaithe ag an dara Comhdháil Dhomhanda FAO maidir le Bunathrú Inbhuanaithe Beostoic ar an dóigh a bhfuil Éire chun tosaigh maidir le feirmeoirí a chumhachtú chun táirgiúlacht a fheabhsú, inmharthanacht eacnamaíoch a chinntiú, agus inbhuanaitheacht chomhshaoil a fheabhsú.”
Tá clár iomlán na comhdhála ar fáil anseo:
