Our Organisation Search Quick Links
Toggle: Topics

Is í an Dr Anne-Marie Butler an Ceannasaí Nua ar Oideachas Teagasc

Chuir an Dr Anne-Marie Butler tús lena ról mar Cheannasaí nua ar chlár Oideachais Teagasc an tseachtain seo caite. Rinne Údarás Teagasc an ceapachán i mí Iúil. Beidh an Dr Butler i gceannas ar chlár oideachais Teagasc a sheachadtar trí na coláistí talmhaíochta agus gairneoireachta, ionaid oideachais Teagasc, agus i gcomhar leis na hOllscoileanna agus na hInstitiúidí Teicneolaíochta.

New Head of Education in Teagasc

Is eolaí talmhaíochta í an Dr Butler agus téann sí le Teagasc ó Bhanc Uladh áit a raibh ról ceannaireachta aici mar Bhainisteoir Sinsearach Talmhaíochta agus Stiúrthóir Caidrimh.

Cháiligh sí le B.Agr.Sc céad onóracha ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

agus an Duais Hussey don talmhaíocht á baint amach aici. Chuaigh sí ar aghaidh chun PhD a bhaint amach ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus chríochnaigh sí a taighde dochtúireachta i gCloch Liath, faoi chlár Comhaltachtaí Teagasc Walsh. Tá roinnt cáilíochtaí airgeadais ag an Dr Butler freisin lena n-áirítear Dioplóma Ollscoile i Seirbhísí Airgeadais.

As feirm churaíochta in Achadh Úr i gCill Chainnigh Thuaidh, tá an Dr Butler ina hIar-Uachtarán ar an gCumann Eolaíochta Talmhaíochta, agus ceapadh í le déanaí ina hUachtarán Oinigh 2021/2022 ar CMETÉ, Cumann Múinteoirí Eolaíochta Talmhaíochta na hÉireann.

Go luath ina gairm bhí sí ina Léachtóir i mBainistíocht Gnó Feirme i

Scoil na Talmhaíochta COBÁC agus bhí sí freagrach as seachadadh agus scrúdú eolais croí-ábhair do chláir chéime, mháistreachta agus PhD. Bhí sí ina maoirseoir taighde do mhic léinn iarchéime de chuid Chomhaltachtaí Teagasc Walsh.

Ag labhairt tar éis a ceapacháin, dúirt an Dr Butler; “is tréimhse iontach í san oideachas, agus muid ag iarraidh na feirmeoirí, na gairneoirí, na foraoiseoirí agus na mic léinn eachaí a ullmhú agus a fhorbairt le haghaidh earnáil agraibhia nua-aimseartha agus dinimiciúil. Go háirithe, an t-eolas a thabhairt dóibh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin eacnamaíocha, comhshaoil agus inbhuanaitheachta sóisialta atá roimh an earnáil. Tá sé iontach freisin, mar tá Teagasc tar éis dul i ngleic leis an athrú tapa go múnlaí seachadta digiteacha, arna mheascadh le hoiliúint scileanna praiticiúla traidisiúnta.”

Agus é ag déanamh comhghairdeas leis an Dr Butler ar a ceapachán, dúirt Ceannasaí Stiúrthóireacht Aistrithe Eolais Teagasc, an Dr Stan Lalor; “Táim ag tnúth le bheith ag obair le Anne-Marie agus fáilte a chur roimpi mar ár gCeannasaí nua Oideachais. Tá cuimse taithí ag Anne-Marie tar éis di a bheith ag obair i mBanc Uladh mar Bhainisteoir Sinsearach Talmhaíochta, agus roimhe sin le COBÁC mar Léachtóir i mBainistíocht Gnó Feirme. Guím gach rath uirthi mar cheannasaí ar chlár Oideachais Teagasc amach anseo.”

“Ba mhaith liom freisin aitheantas a thabhairt do rannpháirtíocht Tony Pettit, a chuaigh ar scor mar Cheannasaí Oideachais níos luaithe an samhradh seo, agus buíochas a ghabháil leis as a sheirbhís fhada do Teagasc agus an iliomad éachtaí a bhain sé amach le linn a ghairme,” a dúirt an Dr Lalor mar fhocal scoir.