Our Organisation Search Quick Links
Toggle: Topics


Bainisteoir Nua Ceapaithe i Réigiún Comhairleach Teagasc Ros Comáin/an Longfoirt

Tá Gabriel Trayers ceapaithe mar Bhainisteoir Comhairleach réigiún Ros Comáin agus an Longfoirt de chuid Teagasc. Faomhadh an ceapachán ag cruinniú de chuid Údarás Teagasc inniu, Dé Céadaoin, an 3 Iúil. Beidh Gabriel Trayers i bhfeighil ar an bhfoireann Teagasc a chuireann seirbhísí comhairleacha ar fáil d’fheirmeoirí agus a reáchtálann cúrsaí oideachais sna hoifigí réigiúnacha sa dá chontae.

Agus é de bhunadh feirmeoireachta in Oirthear na Gaillimhe, bhain Gabriel céim amach in Eolaíocht Talmhaíochta ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Chuaigh sé ar aghaidh chun Clár Forbartha Ceannaireachta Leibhéal 9 a dhéanamh a reáchtáiltear é i gcomhar le Foras Bainistíochta na hÉireann, Áth an Ghainimh. 

Tá sé ag obair mar shainchomhairleoir leis an gclár um Thodhchaí na hEarnála Mairteola de chuid Teagasc, clár náisiúnta taispeána mairteola arb é an tionscal féin a chistíonn é. Oibríonn sé i ndlúthchomhar le 11 feirmeoirí atá páirteach sa chlár sin, ag cur ar a súile dóibh an chaoi le bheith níos tíosaí i mbun oibre ar fheirm ar bhealach a chuirfidh le brabúsacht agus a laghdóidh astuithe gáis cheaptha teasa. Baineadh leas as réimse leathan meán chun an méid a foghlaimíodh ón gclár seo a chur in iúl d’fheirmeoirí ar fud na tíre.

Le linn bheith lonnaithe i dTuaim, d’oibrigh Gabriel mar chomhairleoir stoic thirim i réigiún na Gaillimhe/an Chláir agus forbairt cláir eallaigh agus caorach sa réigiún faoina chúram fad is a bhí éascaíocht á déanamh aige ar roinnt pléghrúpaí mairteola agus féaraigh. Spreag sé feirmeoirí eallaigh sa réigiún freisin chun bodóga tógtha a fháil ar conradh ó fheirmeoirí eile.

Tá Gabriel ag obair le Teagasc le nach mór 30 bliain anuas. Nuair nach raibh a ghairm bheatha ach ina tús, is ag obair mar chomhairleoir le Teagasc a bhí Gabriel agus é ag cuidiú le feirmeoirí a gcuid iarratas ar scéimeanna a líonadh isteach. D’oibrigh sé mar phleanálaí REPS [an Scéim um Chosaint na Timpeallachta Tuaithe] de chuid Teagasc i Muineachán freisin.

Thréaslaigh Ceannasaí na Seirbhíse Comhairlí de chuid Teagasc, Thomas Curran, a cheapachán le Gabriel Trayers, á rá: “tá an-dea-theist ar Gabriel ó thaobh bheith ag obair le Teagasc de agus beidh sé i bhfeighil ar sheirbhís tacaíochta cúrsaí teicniúla agus scéimeanna láidir i Ros Comáin agus sa Longfort, rud a chuideoidh le hioncam feirme seasta a chinntiú amach anseo.”

Ag labhairt dó tar éis a cheapacháin, dúirt Gabriel Trayers: “Ba mhaith liom cabhrú le feirmeoirí i Ros Comáin agus sa Longfort gnólachtaí inbhuanaithe a reáchtáil fad is atá togha an bhia á tháirgeadh acu ar bhealach atá tíosach agus neamhdhíobhálach don timpeallacht. Táim ag súil go mór leis an ról bainistíochta seo a ghlacadh chugam féin le Teagasc agus le bheith ag obair leis na baill foirne uile sa réigiún.”

Tiocfaidh Gabriel in áit Tom Kellegher mar bhainisteoir i réigiún comhairleach Ros Comáin / an Longfoirt agus Tom ina bhainisteoir de chuid Teagasc ar réigiún na hIarmhí/ Uíbh Fhailí/an Chabháin/Mhuineacháin anois. Ba de bharr imeacht Con Feighery ar scor a tharla sé seo.

Agus é ina Cheannasaí ar an Stiúrthóireacht um Aistriú Eolais de chuid Teagasc, mhol an Dr Stan Lalor Con Feighery as a chion a dhéanamh le linn na mblianta fada atá caite aige ag obair le seirbhís chomhairleach Teagasc.