Our Organisation Search Quick Links
Toggle: Topics

Bia Níos Cliste: An dóigh a bhfuil Intleacht Shaorga ag imirt tionchair ar Todhchaí Thionscal Bia na hÉireann

Thug Teagasc an lucht tionscail agus taighdeoirí le chéile chun éisteacht le conas a d’fhéadfadh Intleacht Shaorga (IS) tionchar a imirt ar thodhchaí an tionscail bia, ag imeacht Thairseach Nuálaíochta Bia Theagaisc. Bhí sé ar siúl in Ionad Taighde Bia Theagaisc, An Chloch Liath, Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí, inniu, Dé Máirt an 4 Samhain.

Thug Teagasc an lucht tionscail agus taighdeoirí le chéile chun éisteacht le conas a d’fhéadfadh Intleacht Shaorga (IS) tionchar a imirt ar thodhchaí an tionscail bia, ag imeacht Thairseach Nuálaíochta Bia Theagaisc. Bhí sé ar siúl in Ionad Taighde Bia Theagaisc, An Chloch Liath, Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí, inniu, Dé Máirt an 4 Samhain.

Ag an imeacht, “Bia Níos Cliste: “IS do Thionscal Bia na hÉireann,” leagadh béim ar an méid a bhíonn i páirt ag nuálaíocht agraibhia agus aistriú digiteach; rud a léiríonn an dóigh a bhfuil próiseáil bia, beachtchothú agus uathoibriú déantúsaíochta a n-athshainiú ag intleacht shaorga.

I measc na gcainteoirí bhí saineolaithe tionscail agus eolaíochta ceannródaíocha idirnáisiúnta agus Éireannacha ó réimsí IS, na heolaíochta agus na hinnealtóireachta bia. Le chéile, rinne siad iniúchadh ar acmhainneacht bhunathraitheach IS do thionscal bia agus deochanna na hÉireann.  Bhí taispeántais bheo ar siúl san imeacht freisin inar léiríonn feidhmeanna IS i gcás ina bhfuil léargas sonraíbhunaithe ag spreagadh éifeachtúlacht, cáilíocht agus inbhuanaitheachta níos fearr.

Ag oscailt an imeachta dó, dúirt Timmy Dooley TD, an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide: “Cuirtear deis ollmhór ar fáil leis an intleacht shaorga d’earnáil bia na hÉireann.” Idir inrianaitheacht a fheabhsú agus dramhaíl a laghdú agus eispéiris bhia úrnua a chruthú, beidh comhoibriú idir taighde, fiontar agus rialtas riachtanach lena lánacmhainneacht a bhaint amach.”

Frank O’Mara, Stiúrthóir Theagaisc

Ag labhairt dó ag imeacht Thairseasch Theagaisc, dúirt an tOllamh Frank O’Mara, Stiúrthóir Theagaisc: “Mar an comhlacht náisiúnta do thaighde agus nuálaíocht agraibhia, tá ról tionólta ag Teagasc maidir saineolas a thabhairt le chéile i dtaighde, teicneolaíocht agus gnó.” Léiríonn an t-imeacht sin an dóigh a bhféadfadh intleacht shaorga, nuair a chuirtear i bhfeidhm go freagrach í, nuálaíocht a luathú agus táirgiúlacht agus iomaíochas chuideachtaí bia na hÉireann a neartú go náisiúnta agus go domhanda araon.”

I gcás earnáil bia na hÉireann, áirítear na deiseanna seo a leanas:

  • Forbairt agus nuálaíocht táirgí/próisis a luathú, inbhuanaitheacht a chur chun cinn, inrianaitheacht a chinntiú, agus ídiú fuinnimh agus dramhaíl a laghdú.
  • Leas a bhaint as IS chun gnóthachain táirgiúlachta a ghiniúint, costais ionchuir a laghdú agus an lorg comhshaoil ​​a ísliú,
  • Rochtain a fháil ar mhargaí domhanda ina bhfuil táirgí bia agus deochanna difreáilte, ardluacha bunaithe ar léargas sonraí,
  • Slabhraí luacha agus córais soláthair athléimneacha a fhorbairt ar féidir leo freagairt d’éilimh tomhaltóirí agus d’ionchais inbhuanaitheachta atá ag athrú.

Feidhmíonn sraith Thairseach Nuálaíochta Bia Theagaisc fós mar dhroichead idir fionnachtain eolaíochta agus cur i bhfeidhm tráchtála; ag cothú comhoibrithe lena gcinntítear go mbeidh earnáil bia na hÉireann ar thús cadhnaíochta na nuálaíochta domhanda i gcónaí.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi imeacht na Tairsí Nuálaíochta Bia “Bia Níos Cliste: IS do Thionscal Bia na hÉireann”, tabhair cuairt ar:
https://teagasc.ie/food/food-industry-development/food-gateways/smarter-food-ai-for-irelands-food-industry/

Teideal: Grianghraf 6

Sa phictiúr ag Bia Níos Cliste: An dóigh a bhfuil intleacht shaorga ag imirt tionchair ar Todhchaí Thionscal Bia na hÉireann in Ionad Taighde Bia Theagaisc, An Chloch Liath, Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí, tá an Dr Norah O’Shea, Oifigeach Sinsearach Taighde i Rannóg Ceimice agus Teicneolaíochta Bia Theagaisc, an tOllamh Mark Fenelon, Ceann Chlár Taighde Bia Theagaisc, Timmy Dooley T.D., an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Liam Herlihy, Cathaoirleach Theagaisc agus an Dr Siobhán Jordan, Ceann Aistrithe Teicneolaíochta agus Tráchtálaithe Theagaisc. Grianghraf: O’Gorman Photography.

Teideal: Grianghraf 9

An tOllamh Frank O’Mara, Stiúrthóir Theagaisc, ag labhairt ag imeacht Thairseach Theagaisc a bhí ar siúl inniu ag Ionad Taighde Bia Theagaisc, An Chloch Liath, Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí.