30 August 2024
Táthar tar éis an Chéad Bunachar Sonraí de Mheitigéanóim Riamh a Fhorbairt
Agus é maoinithe ag an Aontas, tá an tionscadal MASTER tar éis an Chéad Bunachar Sonraí de Mheitigéanóim bhia Cuimsitheach Riamh a Fhorbairt. Foilsíodh an páipéar eolaíochta ‘Unexplored microbial diversity from 2,500 food metagenomes and links with the human microbiome’ a ghabhann leis inné, Déardaoin, an 29 Lúnasa san irisleabhar mór le rá Cell.
Is éard is an acmhainn SonraíMeitigéanómaíochaBiaCoimeádta (cFMD) ann bunachar sonraí tábhachtach de mheitigéanóim (an téarma cnuasaitheach ar an ábhar géanómaíoch ó na miocrorgánaigh uile sa timpeallacht) ó bhia lena mbeifear in ann teicneolaíochtaí seicheamhaithe DNA a fheidhmiú ag barr a gcumas, rud a chabhróidh le taighdeoirí dul i ngleic le dúshláin dhomhanda amhail cur amú bia agus frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach fad is a neartaítear sábháilteacht bia.
Tá de mhianach i miocróib dea-thionchar a bheith acu ar tháirgeadh bia, an chaoi arb iad is bun le coipeadh bia, cuir i gcás, nó de mhianach iontu drochthionchar a bheith acu, cuir i gcás, nuair is iad is cúis le lotamas nó le galar bia-iompartha. Go dtí le déanaí, an anailís a rinneadh ar na miocróib sin, bhraith sí go mór ar chur chuige traidisiúnta inar ghá na miocrorgánaigh sin a fhás ar agar i miasa Petri, agus gan aon dul as ach cineálacha agair éagsúla a úsáid chun miocrorgánaigh éagsúla a fhás. Tá sé d’acmhainn ag modhanna bunaithe ar thréchur ard seicheamhaithe DNA tástáil ar bhia a athrú ó bhonn óir is féidir tástáil mhear chomhuaineach a dhéanamh ar na miocrorgánaigh uile in éineacht, iadsan ar doiligh iad a fhás ina measc.
Is é rud a réitigh an bealach d’infhaighteacht an bhunachair sonraí seo an tástáil DNA-bunaithe a rinneadh ar na mílte samplaí a bailíodh ar fud shaoráidí próiseála bia na hEorpa. Fágann teacht bunachair sonraí nua ar an bhfód go mbeifear in ann as seo amach anailís mhear chruinn a dhéanamh ar na sonraí a fhaightear ón anailís bunaithe ar sheicheamhú DNA a dhéantar ar shamplaí bia d’fhonn miocrorgánaigh neamh-inmhianaithe a shainaithint agus a rialú fad is féidir na tréithe folláine atá i mbianna a bhfuil miocrorgánaigh inmhianaithe iontu a neartú.
Is céim thábhachtach chun cinn é an bunachar sonraí cFMD maidir le taighde micribhithóim toisc gurb é faoi deara do 1,950 sampla bia a chur leis an leabharlann dhomhanda a bhí ann cheana agus líon na samplaí roghnaithe ag 2,500 anois. Ós acmhainn rochtana oscailte é, réiteoidh sé sin an bealach do lucht acadúil agus lucht tionscail an teicneolaíocht sin a chur i bhfeidhm ar scála mór ar fud an domhain.
Tionscadal MASTER
Is éard is brí le MASTER Teicneolaíochtaí agus Fiontraíochta a Úsáid chun Micribhithóm a chur chun fónaimh d’fhonn Córais bhia a dhéanamh Inbhuanaithe. Is tionscadal maoinithe ag Fís 2020 an Aontais é a raibh lámh ag 30 comhpháirtí ann agus cuireadh tús leis i mí Eanáir 2019 d’fhonn micribhithóim a léarscáiliú ar fud réimse timpeallachtaí bia agus neamhbhia trí leas a bhaint as teicneolaíochtaí seicheamhaithe ceannródaíocha. Bhí an staidéar faoi stiúir foirne ó Ollscoil Trento agus ó Ollscoil Napoli Federico II (an Iodáil), Teagasc (Éire), an Chomhairle Náisiúnta um Thaighde na Spáinne (an Spáinn), MATIS (an Íoslainn) agus FFoQSI (Austria), agus go leor rannpháirtithe eile páirteach ann.
An té atá ina chomhordaitheoir ar an tionscadal MASTER, an tOllamh Paul Cotter, is Ceannasaí Eolaíochtaí Bitheacha Bia ag Teagasc é (Údarás Talmhaíochta agus Forbartha Bia na hÉireann), le cois bheith ina Phríomhthaighdeoir ag APC Microbiome Ireland agus ag VistaMilk, ar Ionaid Taighde de chuid Fhondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI) iad a thugann treoir don domhan.
Dúirt an tOllamh Cotter: “Is bunachar sonraí coimeádta mór de shonraí meitigéanómaíocha bianna é an cFMD ina bhfuil 15 chatagóir bia ó 52 thír. Sa cFMD tá sonraí bainteach le 3,600 speiceas mhiocróbacha ar speicis nua 290 acu. Tá sé ar fáil saor in aisce le go mbainfí leas mór as i staidéir mhicribhithóim agus le go gcuirfear chun fónaimh é ar mhórán bealaí sna tionscail bhia. Cuir i gcás, chun staidéar a dhéanamh ar ghluaiseacht miocrób feadh an bhiashlabhra, chun staidéar a dhéanamh ar scaipeadh géinte frithsheasmhachta in aghaidh ábhar frithmhiocróbach, chun miocróib neamh-inmhianaithe a bhrath, agus chun scaipeadh miocrób chuig daoine a iniúchadh. Is céim mhór chun cinn é go bhfuil teacht ar cFMD anois a thugann níos cóngaraí sinn chuig todhchaí ina bhféadfadh seicheamhú meitigéanómaíoch teacht in áit micribhitheolaíocht thraidisiúnta agus é ina uirlis atá níos cruinne agus níos tapa chun miocróib sa bhiashlabhra a rianú.”
Dúirt an tOllamh Danilo Ercolini ón Roinn Eolaíochtaí Talmhaíochta ag Ollscoil Napoli Federico II said; “An chaoi a bhfuil teacht anois ar bhunachar sonraí ollmhór ina bhfuil meitigéanóim bhia agus géanóim miocrób bia, is acmhainn ríthábhachtach d’eolaithe bia é a chuirfidh ar a gcumas teacht i dtír ar na micróib atá i mbianna agus i saoráidí próiseála bia agus an ról atá acu iontu. Is é an aidhm ar deireadh thiar leis seo go léir caighdeán, sábháilteacht agus inbhuanaitheacht bia a fheabhsú.” Agus é ón institiúid chéanna, dúirt an tOllamh Edoardo Pasolli: “Úsáidfear an acmhainn seo mar bhunús chun bunachair sonraí mheitigéanómaíocha bia níos cuimsithí fós a fhorbairt arbh fhéidir iad a chomhtháthú le cineálacha bia agus suíomhanna geografacha áirithe atá faoi ghannionadaíocht go fóill.”
Ag cur leis seo, dúirt an tOllamh Nicola Segata ó Ollscoil Trento: “Is den ríthábhacht an acmhainn seo freisin chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhféadfadh an micribhithóm bia dul i bhfeidhm ar shláinte an duine agus é de mhianach i gcuid de na miocróib a ithimid a bheith ina mbaill sheasta dár micribhithóim féin. Fuaireamar amach gur speicis mhiocróbacha bainteach le bia 3% den mhicribhithóm putóige i ndaoine fásta, rud a thugann le tuiscint gur féidir roinnt dár miocróib phutóige a fháil go díreach ó bhia nó, ag dul siar, go bhfuair daonraí daonna na miocróib sin ó bhia agus go ndeachaigh na miocróib chéanna in oiriúint do bheith ina ndlúthchuid de mhicribhithóm an duine ina dhiaidh sin. Tá bia ríthábhachtach dár sláinte freisin de thairbhe na miocrób a sholáthraíonn sé dár micribhithóm féin.”
Foilsíodh ‘Unexplored microbial diversity from 2,500 food metagenomes and links with the human microbiome’ in Cell agus is féidir é a léamh ar líne ón Déardaoin, an 29ú Lúnasa ar aghaidh ag Science Direct.
