09 December 2021
Ceapacháin Taighde Mairteola nua ag Teagasc An Ghráinseach
Le déanaí cheap Clár Taighde Mairteola Teagasc sa Ghráinseach i gContae na Mí beirt eolaithe taighde nua chun bheith i gceannas ar na cláir thaighde ar chórais féaraigh agus mairteola. Chuaigh an Dr Peter Doyle agus an Dr Colin Byrne isteach san fhoireann Taighde Mairteola faoi stiúir Ceannaire Fiontraíochta Mairteola Teagasc, an Dr Paul Crosson.
Beidh sé mar phríomhaidhm ag na poist seo teicneolaíochtaí agus cleachtais bhainistíochta a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chomhshaoil atá roimh an earnáil, go háirithe maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa.
Leagadh béim ar na dúshláin chomhshaoil atá roimh an earnáil agraibhia le déanaí le Cruinniú Mullaigh COP26 i nGlaschú agus leis na comhráite ar phlean gníomhaithe ar son na haeráide an Rialtais. Níl impleachtaí na gcomhráite seo ar earnáil mhairteola na hÉireann soiléir; mar sin féin, beidh fócas níos mó ar lorg comhshaoil táirgeadh eallaigh mairteola.

Chuir Peter Doyle tús le post taighde féaraigh le déanaí agus díreoidh sé ar chórais innilte inbhuanaithe. Sainaithníodh gur deis fhéideartha é laghdú ar úsáid nítrigine allmhairithe agus léagúim amhail seamair a n-ionchorprú i gcórais innilte mairteola chun costais agus tionchar comhshaoil na gcóras mairteola a laghdú. Déanfaidh taighde Peter na deiseanna seo a iniúchadh i staidéir thurgnamhach sa Ghráinseach agus ag leibhéal na feirme araon, áit a ndéanfar iniúchadh ar shaincheisteanna amhail bunú, marthanacht agus úsáid optamach.
Ag labhairt faoi na deiseanna seo, dúirt Peter Doyle, a chríochnaigh PhD le déanaí ag Teagasc An Ghráinseach agus COBÁC i staidéir innilte mairteola; “Tá an cumas againn sa tír seo táirgeacht ard féir a fhás go saor agus is é an dúshlán atá ann anois ná leanúint ar aghaidh á dhéanamh seo le leibhéil nítrigine níos ísle, agus ag an am céanna tacú le feidhmíocht ardmheáchan beo ainmhithe. Tá sé seo níos tábhachtaí anois ná mar a bhí riamh, nuair a chuirtear san áireamh an méadú ar phraghas an ionchuir agus na dúshláin chomhshaoil atá roimh thionscal na mairteola”.
Tá feidhmíocht ainmhí, go háirithe maidir le torthúlacht na mbó diúil agus táirgeacht bhainne agus beomheáchan an tsleachta agus feidhmíocht chonablaigh, fós ina príomhghné de dhul chun cinn an chórais feirme mairteola atá éifeachtach agus brabúsach. Breathnóidh clár taighde nua faoi stiúir Colin Byrne ar an bpoitéinseal atá ann táirgiúlacht na gcóras mairteola diúil a spreagadh tuilleadh trí aschur in aghaidh na bó a mhéadú, agus tionchair chomhshaoil a laghdú agus an fócas tosaigh ar astaíochtaí meatáin eintreach.
Tá PhD ag Colin Byrne ó Theagasc An Ghráinseach agus COBÁC agus tá taithí iardhochtúireachta aige ag COBÁC, Ollscoil Luimnigh agus Ollscoil Murdoch, san Astráil chomh maith le tamall i dtionscal mar chothaitheoir athchogantaigh. Dar le Colin; “Tá ár gcórais bó diúil mairteola ar na cinn is éifeachtaí ó thaobh carbóin de ar an domhan cheana féin. Laghdófar lorg carbóin thionscal na mairteola níos mó trí chleachtais a chur i bhfeidhm amhail an aois a mbíonn an chéad lao acu a laghdú, méadú ar líon na laonna a scoitear in aghaidh na bó agus méadú ar mheáchan scoite na laonna, agus ag an am céanna cinnteofar an toradh eacnamaíoch is fearr don fheirmeoir. Tá ról tábhachtach ag na tréada diúil taighde ag Teagasc An Ghráinseach i bhfeabhsú ár dtuiscint ar na tréithe seo agus ar na hidirghníomhaíochtaí idir géineolaíocht agus bainistíocht i gcórais mairteola diúil atá bunaithe ar fhéar.”
Cuirfear tús leis na tionscadail taighde nua in 2022 ag an ionad Taighde agus Nuálaíochta Ainmhí agus Féaraigh i dTeagasc An Ghráinseach.
