Our Organisation Search Quick Links
Toggle: Topics


Ceapachán Nua chuig Údarás Teagasc

Tá John Paul Fenlon ceaptha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD chuig Údarás Teagasc le haghaidh téarma cúig bliana.  Is teicneoir feirme de chuid Teagasc é John Paul Fenlon i bPáirc na Darach, Ceatharlach agus beidh sé ina ionadaí d’fhoireann Teagasc ar an Údarás go ceann cúig bliana.

Chuir Cathaoirleach Teagasc, Liam Herlihy fáilte roimh John Paul chuig an Údarás agus thréaslaigh sé leis as an gceapachán. Dúirt sé: “Tugann John Paul neart taithí leis chuig an Údarás mar ghairmí talmhaíochta a bhfuil breis is 20 bliain de thaithí aige ar bheith ag obair le Teagasc, ag tosú sa bhliain 2001. Táim ag tnúth le hoibriú go dlúth le John Paul sna blianta atá amach romhainn”

Is as Bhaile Mhic Mhaoilir i gcontae Laoise é John Paul Fenlon agus chríochnaigh sé Leibhéal 6 i dTalmhaíocht agus Gnó in 2014. Le linn a ghairme ar fad, tá sé tar éis glacadh le go leor ról ceannaireachta agus bhí baint ghníomhach aige le heagraíochtaí talmhaíochta náisiúnta amhail Macra agus Cumann Treabhdóireachta Chontae Laoise. Fuair sé Gradam Ceannaireachta Macra Gold agus is buaiteoir Náisiúnta Scileanna Feirme in 2014 freisin. Bhí sé ina Chathaoirleach ar an gCoiste Eagraithe um Imeachtaí Náisiúnta agus Domhanda Treabhdóireachta (2021 – 2023).

Tá John Paul ina chomh-chathaoirleach ar Choiste Comhpháirtíochta Náisiúnta Teagasc, agus tá ceannaireacht láidir, obair foirne, agus rannpháirtíocht choiste léirithe aige, go háirithe i réimsí oibríochtaí feirme, bainistíocht imeachtaí, agus forbairt foirne. Tá John Paul tiomanta do scilbhisiú agus d’oiliúint fhoireann Teagasc.  

Tá Martina Donnelly tar éis éirí as Údarás Teagasc tar éis téarma 5 bliana a chur i gcrích. Ghabh Cathaoirleach Teagasc, Liam Herlihy buíochas le Martina as an méid a chuir sí le breithniúcháin an Údaráis. Dúirt sé: “Chuir Martina ionadaíocht den scoth ar fáil don fhoireann i Teagasc agus chuir sí go mórmhór le hÚdarás Teagasc. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Martina as a tiomantas. ”