27 September 2024
Cuireadh tugtha d’fheirmeoirí i gCorcaigh agus i gCiarraí páirt a ghlacadh i Suirbhé ar Líne d’fhonn an Cruth a Bheidh ar an mBithgheilleagar Amach Anseo a Mhúnlú
Tá fáilte á cur roimh fheirmeoirí i gCorcaigh agus i gCiarraí a dtuairimí a roinnt ar nuálaíochtaí a théann níos faide ná an modh a bhí le bia a tháirgeadh riamh anall, cruthú bithfhuinnimh agus táirgí bithbhunaithe eile san áireamh. I gcomhar leis an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Baile Átha Cliath and BiOrbic, tá Teagasc tar éis suirbhé ar líne a sheoladh le tuairimí feirmeoirí ar theicneolaíochtaí amhail bithscagadh féir agus díleá anaeróbach a bhailiú. Is féidir leis na nuálaíochtaí seo táirgí fiúntacha agus fuinneamh a dhéanamh d’fhéar agus de sciodar, le cois bia.
Is é an príomhaidhm atá leis an suirbhé seo léargais a fháil ó fheirmeoirí mar chabhair chun an gcruth a bheidh ar theicneolaíochtaí bithbhunaithe amach anseo a mhúnlú. Leagann an tOllamh Maeve Henchion, ar Ceann na Roinne Gnó Agraibhia agus Spásanailíse ag Teagasc í, béim ar an tábhacht a bhaineann le tuairimí feirmeoirí a bheith san áireamh: Is páirtithe leasmhara tábhachtacha iad feirmeoirí agus é d’acmhainn acu a bheith ina soláthraithe féir agus sciodair do na saoráidí seo. Fós féin, fiú i gcás feirmeoirí nach mbeidh ina soláthraithe, ba cheart cead cainte a bheith acu faoin gcaoi ina bhforbrófar na teicneolaíochtaí sin i bhfianaise an tionchar a bheidh acu ar an earnáil i gcoitinne. Is den ríthábhacht é an t-eolas seo maidir le beartais bainistithe talún inbhuanaithe agus timpeallacht atá fabhrach don nuálaíocht a fhorbairt ar bhealach ina gcuirtear sainriachtanais agus tosaíochtaí feirmeoirí san áireamh. Is den ríthábhacht é freisin maidir le “aistriú cóir” a chinntiú – aistriú óna dtiocfaidh geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de fad is chaomhnaítear slite beatha feirmeoirí amach anseo.”
Agus é ina Stiúrthóir ar Institiúid na Cruinne COBÁC agus ina Ollamh le Beartas Comhshaoil, dúirt an tOllamh Eoin O’Neill: Díríonn ár staidéar ar Chorcaigh agus ar Chiarraí d’fhonn léargas mionsonraithe a thabhairt ar réigiún ar leith. Cuireann sé le staidéar comhthreomhar ar thuairimí saoránach sna contaetha sin. Tríd is tríd, is é is spéis linn sa taighde atá idir lámh againn forbairt na dteicneolaíochtaí seo a chuireann ar ár gcumas ní hamháin spriocanna timpeallachta a bhaint amach ach feabhas a chur ar inmharthanacht eacnamaíoch agus dul chun tairbhe don tsochaí i gcoitinne.
Tarraingíonn an t-iarrthóir PhD Mina Sadeghzadeh aird ar chomh héasca agus áisiúil agus atá sé an suirbhé a dhéanamh ar líne: Tugann ár suirbhé deis d’fheirmeoirí na tíre seo a gcuid tuairimí a roinnt faoi rún pé am agus pé áit a oireann dóibh. Ní thógfaidh sé ach 20 nóiméad ort é a chomhlánú agus mar chomhartha buíochais cuirfear gach duine a ghlacann páirt sa suirbhé isteach i gcrannchur chun dearbhán €250 a bhuachan.
Tá teacht ar an suirbhé anseo.
