Our Organisation Search Quick Links
Toggle: Topics


Déiríocht Láidir le haghaidh Dúshláin Amach Anseo

Beidh Comhdháil Náisiúnta Déiríochta Teagasc ar siúl i Ráschúrsa Luimnigh i dTobar Phádraig, contae Luimnigh, Dé Céadaoin, 27 Samhain.

Is é téama na comhdhála ná ‘Déiríocht Láidir le haghaidh Dúshláin Amach Anseo’ agus beidh sé mar aidhm aici réitigh a sholáthar ar na dúshláin atá le sárú ag feirmeoirí déiríochta na hÉireann amach anseo. Tar éis séasúir deacra féaraigh le cúpla bliain anuas, tabharfaidh an chomhdháil aghaidh ar na dúshláin ag leibhéal na feirme go luath sa seisiún ‘Cuspóirí Féaraigh a Bhaint Amach i gCoinníollacha an tSaoil Réadúil’.

Pléifidh Áine Murray ó Theagasc na Cloiche Léithe agus Donal Patton ó Theagasc Bhéal Átha hÉis bainistiú féaraigh i gcoinníollacha dúshlánacha. Ina dhiaidh sin, míneoidh feirmeoir déiríochta Luimnigh Michael Carroll, comhbhuaiteoir Chatagóir Bainistíochta Cothaithigh de chuid Feirmeoir Féaraigh Inbhuanaithe na Bliana 2023, an chaoi a bhainistíonn sé a fheirm chun na spriocanna féaraigh a bhaint amach ag céimeanna éagsúla na bliana agus béim faoi leith á cur ar na tréimhsí dúshlánacha idirshéasúir den bhliain mar iad siúd a tharla i bhFómhar 2023 agus in Earrach 2024.

Tharla na séasúir dheacra féaraigh ag an am céanna le laghdú ar liúntais nítrigine ar fheirmeacha déiríochta na hÉireann agus tabharfaidh an dara seisiún ar ‘Úsáid Cothaithigh ar Fheirmeacha Déiríochta – corrlaigh a fheabhsú ag tionchar níos ísle ar an gcomhshaol’ aghaidh ar an gcúis imní seo. Scrúdóidh Patrick Forrestal, taighdeoir Teagasc i gCaisleán Bhaile Sheáin feidhmíocht úiré chosanta.

Tabharfaidh an tOllamh Pat Dillon, Stiúrthóir Taighde ag Teagasc, achoimre ar na príomhghníomhartha nach mór d’fheirmeoirí déiríochta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar cháilíocht uisce na hÉireann. Ar deireadh, tabharfaidh feirmeoir déiríochta eile ó Luimneach a bhfuil duaiseanna buaite aige, achoimre ar an gcaoi a bhfuil sé ag iarraidh feirmeoireacht a dhéanamh chun éifeachtúlacht úsáide nítrigine níos fearr a bhaint amach.

Beidh ceardlanna ar roinnt topaicí tábhachtacha tar éis an lóin. Roghnóidh na daoine a bheidh i láthair 3 rogha ó na 6 thopaic seo a leanas.

  1. Rioscaí eitinne i dtréada déiríochta
  2. Riachtanais chothaithe tréada a chomhlíonadh don gheimhreadh agus don earrach
  3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó Chlár Clover150 in 2024
  4. Costais Táirgthe Déiríochta a Rialú in 2025
  5. Úsáid Rathúil Seamhan atá Rangaithe de réir Gnéis i dTréada Déiríochta na hÉireann
  6. Laonna a bhainistiú le haghaidh torthaí sláinte níos fearr

Ag labhairt dó ag seoladh na comhdhála, dúirt Stuart Childs, speisialtóir déiríochta Teagasc; “Tréimhse dhúshlánach 12-18 mí a bhí ann d’fheirmeacha déiríochta na hÉireann mar gheall ar dhúshláin aimsire, tionchair ghaolmhara ar fheidhmíocht ainmhithe, agus na dúshláin airgeadais mar gheall ar aschur íseal agus praghas íseal bainne. Ar an dea-uair, chabhraigh an dea-aimsir le déanaí agus an t-ardú i bpraghsanna leis an meanma fhoriomlán a fheabhsú. Tá an chomhdháil seo dírithe ar aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhí le sárú ag daoine le 12-18 mí anuas, agus ar dócha go mbeidh orthu a shárú arís amach anseo. Tá súil againn go bhfoghlaimeoidh feirmeoirí rud éigin ón lá a chuirfidh ar a gcumas déileáil le haon cheann de na dúshláin sin sna blianta atá amach romhainn.”

Ag labhairt di freisin ag an seoladh, dúirt Majella Moloney, Bainisteoir Réigiúnach Teagasc i gCiarraí/Luimneach; “Tá fíoráthas orainn fáilte a chur roimh fheirmeoirí déiríochta agus pearsanra tionscail ón tír ar fad, agus níos faide ó bhaile, go Luimneach do Chomhdháil Náisiúnta Déiríochta Teagasc. Beidh díospóireacht an-suimiúil ann mar gheall ar leagan amach an lae agus líon na gcainteoirí faoi na réitigh ar na dúshláin atá le sárú ag tionscal na déiríochta sna blianta beaga atá amach romhainn.  Molaimid áirithint go luath chun a chinntiú go bhfaigheann tú na ceardlanna is mó spéise duit.”