28 September 2021
Foilsíonn Teagasc Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais 2020
Ba mhór an tionchar a bhí ag an bpaindéim COVID-19 in Éirinn agus ar fud an domhain in 2020. Ba shuntasach an tsolúbthacht agus an teacht aniar atá ag foireann Teagasc agus tá an bailiúchán saothar a sheachadadar chun tacú le páirtithe leasmhara, le custaiméirí agus le cliaint thar barr.
Ba seo mar a labhair Liam Herlihy, Cathaoirleach Údarás Teagasc, ag tús a chuid cainte inniu, Dé Máirt 28 Meán Fómhair, ag foilsiú Thuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais na heagraíochta don bhliain 2020.
Dúirt sé; “Thosaigh an chéad ráithe de 2020 le roinnt forbairtí an-dearfacha ar nós ‘casadh an fhóid’ don Mhol Nuálaíochta Bia Náisiúnta ag Teagasc An Chloch Liath i mí Eanáir agus cuairt ó Dhiúc agus Bandiúc Cambridge na Ríochta Aontaithe ar Teagasc An Ghráinseach go luath i mí an Mhárta. Go luath i ndiaidh seo, d’athraigh an phaindéim COVID-19 ár saolta agus ár ngnáthaimh oibre go léir. Ach ba í an ghealán sa néal ná freagairt fhoireann Teagasc, a ghlac leis an dúshlán a bhain le cláir iomlána chomhairleacha agus oideachais a sheachadadh trí ardáin ar líne. Tá ómós ar leith tuillte freisin ag ár bhfoireann feirme agus iad siúd a oibríonn inár saotharlanna arbh éigean dóibh freastal ar a n-ionad oibre ar feadh na tréimhse ar fad.”
Bhí baint ag teacht COVID-19 le huasghrádú tapa ar an gcumas chun ligean d’fhormhór an phearsanra oibriú ón mbaile, agus seirbhísí a sholáthar ar an idirlíon. Baineann gach ball foirne úsáid as ríomhairí glúine anois agus cuireadh Windows orthu 10 in ionad Windows 7. Leanadh ar aghaidh go tapa le huasghrádú ar naisc shonraí.
Choimeád Teagasc a chlár oideachais in 2020, trí oiriúnú do mhúnla seachadta hibrideach, ag comhcheangal seachadadh aghaidh ar aghaidh agus cianseachadadh laistigh de na paraiméadair náisiúnta treorach a leagadh amach d’institiúidí oideachais. Choimeád Teagasc sceidil chríochnaithe agus deimhniúcháin Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann dá chláir lánaimseartha 2019/2020. Cuireadh tús le cláir don bhliain 2020/2021 de réir sceidil i Meán Fómhair 2020. Mar an gcéanna, choinnigh Teagasc a chláir oideachais don Teastas Glas dá oideachas páirtaimseartha agus cianoideachais d’aosaigh agus leantar ar aghaidh ag cur tús le cúrsaí agus lena gcríoch ar bhonn rollach.
Arís, in ainneoin na paindéime, sháraigh foireann chomhairleach Teagasc a gcuid spriocanna do 2020 maidir leis an líon cliant, ioncam, agus comhairliúcháin, cé gur seachadadh go leor díobh ar an teileafón nó go fíorúil. Le linn na bliana féilire 2020, thionóil Teagasc 201 seimineár gréasáin Zoom agus 6,682 cruinniú ar Zoom, ag tacú le cliaint feirmeoirí agus páirtithe leasmhara eile.
Lean formhór na dtionscadal taighde de chuid Teagasc ar aghaidh le linn na paindéime, cé go raibh roinnt moille agus cur isteach orthu. Chomh maith leis sin, chuir cumas láidir Teagasc i dtaighde bitheolaíoch leis an iarracht náisiúnta an víreas a smachtú. Thóg taighdeoirí ó Teagasc An Chloch Liath ceannasaíocht ar chuibhreannas eolaithe náisiúnta arna mhaoiniú ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann a bhí tiomanta do sheicheamhú leaganacha de SARS-CoV-2, an coróinvíreas atá ina cúis le COVID-19. Rinne an cuibhreannas seicheamh ar RNA na víris atá scoite amach ó othair a raibh dearbhaithe ag saotharlann go raibh siad ionfhabhtaithe le COVID-19. Roinneadh na sonraí seicheamhaithe leis na hospidéil, leis an tSaotharlann Náisiúnta Tagartha Víreas agus leis an bpobal i gcoitinne chun leathadh an víris isteach agus laistigh d’Éirinn a rianú agus chun sócháin a aithint a d’fhéadfadh cur isteach ar a tharchur agus ar a chóireáil.
Leanann Teagasc d’oiliúint ‘Cód Cleachtais (CC) Sábháilteachta Feirme’ a sholáthar d’fheirmeoirí go náisiúnta. In 2020, cuireadh oiliúint ar 66 comhairleoir breise chun an oiliúint seo agus an chomhairle ghaolmhar a sholáthar bunaithe ar an CC. Mar gheall ar COVID-19, cuireadh tús le rogha oiliúna ar líne in 2020.
Cuireadh tús go foirmiúil le tionscadal arna mhaoiniú ag an AE dar teideal ‘Tacaíocht Nuálaíochta agus Taighde Talmhaíochta Aeráid-Chliste de do Shlabhraí Luacha Déiríochta san Eiritré’, le buiséad iomlán de €4,250,000 (ranníocaíocht €4,000,000 ón AE) i mí Feabhra 2020 agus beidh sé ar siúl ar feadh 52 mí. Tá sé mar aidhm ag an gcuibhreannas idirnáisiúnta faoi stiúir Teagasc athrú cuimsitheach, inbhuanaithe agus ábhartha ó thaobh aeráide de shlabhra luacha déiríochta na hEiritré a chur chun cinn chun slándáil bia agus cothaithe a fheabhsú, bochtaineacht a laghdú, deiseanna fostaíochta a chruthú do dhaoine óga, agus teacht aniar i leith athrú aeráide a chur chun cinn agus astaíochtaí gás ceaptha teasa á mhaolú.
2020 Ráitis Airgeadais
Fuarthas Deontas i gCabhair €132.916 milliún ón Stát le haghaidh Oibríochtaí Reatha agus €11.457 milliún chun críocha Caipitiúla in 2020. €198 milliún a bhí in ioncam Teagasc in 2020, gan Glanmhaoiniú Iarchurtha do Phinsin a áireamh, a bhí mar an gcéanna in 2019. I comparáid le 2019, tháinig méadú €2.5 mhilliún ar an Deontas i gCabhair chun críocha reatha agus €6.1 mhilliún ar an Deontas i gCabhair chun críocha caipitiúla. In 2020 fuair Teagasc €6 milliún de dheontas caipitil €8.8 milliún don Mhol Nuálaíochta Bia Náisiúnta i gCloch Liath.
In 2020 agus na srianta curtha i bhfeidhm chun sláinte agus sábháilteacht a chosaint i gcomhthéacs na paindéime Covid 19, laghdaíodh leibhéal gníomhaíochta Teagasc i gcomparáid le 2019. Bhí tionchar an-diúltach ag Covid-19 ar thrí shruth ioncaim; tionscadail taighde arna maoiniú go seachtrach; ioncam tionscadal taighde tráchtála; agus táillí le haghaidh anailíse. Tháinig laghdú €2.066 milliún (síos 9.75%) ar ioncam Aistrithe Eolais, lena n-áirítear laghdú €2.103 milliún ar ioncam na Seirbhísí Comhairleacha. Tháinig laghdú €4.224 milliún (síos 11.3%) ar ioncam taighde lena n-áirítear laghdú de €3.391m in ioncam ó thionscadail taighde arna maoiniú go seachtrach, agus laghdú de €683,000 i dtáillí le haghaidh anailíse.
Ba €145 milliún an caiteachas oibríochta iomlán a bhí ann in 2020, pinsin as an áireamh, €4 mhilliún ní b’airde ná in 2019. Rinneadh maoiniú caipitil a leithdháileadh ar thionscadail lena n-áirítear an Mol Nuálaíochta Bia Náisiúnta i gCloch Liath, uasghrádú TFC, uasghrádú clós feirme Chill an Dátúnaigh agus roinnt tionscadal níos lú.
Tá Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais iomlán Teagasc don bhliain 2020 ar fáil ag: https://www.teagasc.ie/publications/2021/annual-report-2020–financial-statements.php
Gaeilge – https://www.teagasc.ie/publications/2021/tuarascail-bhliantuil-2020-agus-na-raitis-airgeadais.php
