Our Organisation Search Quick Links
Toggle: Topics

Tá Noel Meehan ceaptha ag Teagasc mar Cheann ar a Roinn Aistrithe Eolais um Cháilíocht Uisce. Cheadaigh Údarás Teagasc an ceapachán ag an gcruinniú a bhí aige le déanaí

Tá méadú tapa tagtha ar ghníomhaíochtaí Aistrithe Eolais Timpeallachta Teagasc le cúpla bliain anuas, mar sin rinneadh an cinneadh dhá roinn a bhunú, is é an chéad cheann Aeráid agus Bithéagsúlacht a bheidh faoi stiúir an Dr Tom O’Dwyer, agus an dara ceann Cáilíocht Uisce a bheidh faoi stiúir Noel Meehan

Agus comhghairdeas á thabhairt aige do Noel, dúirt John Spink, Ceann Barr, Comhshaoil agus Úsáide Talún Teagasc; “Tá áthas orm go bhfuil Noel ina cuid den fhoireann bainistíochta agus táim ag tnúth le bheith ag obair leis. Tá taithí shaibhir ag Noel i gcáilíocht an uisce tar éis ASSAP (Clár Tacaíochta agus Comhairleach um Inbhuanaitheacht Talmhaíochta) a stiúradh, agus d’oibrigh sé roimhe seo i gClár Dobharcheantar Talmhaíochta Teagasc (ACP) D’oibrigh sé freisin i seirbhísí comhairleacha mar phleanálaí comhshaoil talmhaíochta agus mar chomhairleoir Gnó agus Teicneolaíochta. Mar Cheann na Roinne Aistrithe Eolais um Cháilíocht Uisce, beidh Noel i gceannas ar an bhFeachtas Feirmeoireacht Níos Fearr ar mhaithe le hUisce (BFFW). Tabharfaidh an Roinn nua gach gníomhaíocht Aistrithe Eolais de chuid Teagasc a bhaineann le cáilíocht an uisce le chéile in aon Roinn amháin, lena n-áirítear ASSAP, an chuid chomhairleach den Chlár Dobharcheantair Talmhaíochta (ACP), agus bainistiú cothaitheach (NMP ar líne), ar príomhthionscnaimh iad a gcuirfidh Feachtas Teagasc maidir le Feirmeoireacht Níos Fearr ar mhaithe le hUisce (BFFW) leo.”

Ag labhairt dó faoina cheapachán, dúirt Noel Meehan; “Tá ríméad orm a bheith ag obair leis an bhfoireann nua um Aistriú Eolais ar Cháilíocht Uisce agus a bheith i gceannas ar chur chun feidhme an fheachtais ‘Feirmeoireacht Níos Fearr ar mhaithe le hUisce’. Tá deis iontach againn tacú le feirmeoirí bearta cosanta uisce a chur chun feidhme agus an talmhaíocht a thabhairt isteach i ré ina bhfuil feabhas leanúnach ag teacht ar cháilíocht an uisce.”

Ghabh John Spink buíochas le Pat Murphy, iar Cheann Roinn Aistrithe Eolais Comhshaoil Teagasc, a d’éirigh as a phost tar éis gairm fhada, ag obair i roinnt aonad gnó i dTeagasc.