Osclaíonn an tAire Michael Healy-Rae an 11ú Cruinniú Bliantúil den Líonra Integrate faoi chomhchathaoirleacht na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara agus Teagasc

Tugann Michael Healy-Rae TD, an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, aitheasc fáilteach croíúil chun 11ú Cruinniú Bliantúil an Líonra Integrate a oscailt. Tá sé sa phictiúr anseo ag tabhairt aithisc do thoscairí le linn cuairte ar an bhforaois ag Ionad Taighde Náisiúnta Theagaisc i bPáirc na Darach, ina ndearna rannpháirtithe iniúchadh ar an tsaoráid oiliúna martalascóip ionfhoraoise áitiúil d’úinéirí foraoise agus inar ghlac siad páirt i gceardlann phraiticiúil ar mhodheolaíocht nua suirbhé bithéagsúlachta foraoise.
Thug Michael Healy-Rae TD, an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, aitheasc fáilteach croíúil chun tús a chur le 11ú Cruinniú Bliantúil an Líonra Integrate a tionóladh i mBaile Átha Cliath an mhí seo.
Cuireann an Líonra Integrate chun cinn úsáid na bithéagsúlachta foraoise agus na bainistíochta comhtháite le haghaidh athléimneacht foraoise, táirgiúlachta agus cosaint seirbhísí éiceachórais atá riachtanach d’fholláine na sochaí. Tá sé mar aidhm leis feidhmiú mar spás tábhachtach plé agus éascaíochta idir taighde, cleachtas agus beartas foraoiseachta ar fud na hEorpa.
Tá 13 chomhalta, Coimisiún an Aontais mar bhreathnóir, agus líonra de bhreis agus 240 láithreán taispeána foraoise sa Líonra Integrate faoi láthair. Is í Éire cathaoirleach reatha an Líonra agus tá Dermot Dunphy (an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara) agus Jonathan Spazzi (Teagasc) ag gníomhú mar chomhchathaoirligh thar ceann ár dtíre.
Dúirt an tAire Healy-Rae: “Ar fud na hEorpa tá éifeachtaí an athraithe aeráide á bhfeiceáil againn, idir fhalscaithe agus an chiaróg choirte i lár na hEorpa agus, anseo in Éirinn, éifeachtaí stoirmeacha gaoithe. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí ár bhforaoisí níos athléimní i leith na ndúshlán sin. Trí bheith ag caidreamh le heagraíochtaí ar nós an Líonra Integrate, soláthraítear léargas tábhachtach ar féidir leo tionchar a imirt ar chláir tacaíochta foraoiseachta amach anseo.”

Toscairí a bhí i láthair ag 11ú Cruinniú Bliantúil an Líonra Integrate le linn cuairte ar an bhforaois ag Ionad Taighde Náisiúnta Theagaisc i bPáirc na Darach, mar aon le Stiúrthóir Theagaisc, an tOllamh Frank O’Mara; Jonathan Spazzi, Rannóg Forbartha Foraoiseachta Theagaisc, a chomhordaigh an t-imeacht i gcomhar le Dermot Dunphy, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus Noel Kennedy, Comhairleoir Foraoiseachta, Teagasc.
Thaistil toscairí a bhí páirteach sa chruinniú freisin chun cuairt a thabhairt ar an bhforaois ag Ionad Taighde Náisiúnta Theagaisc in bPáirc na Darach, Ceatharlach, áit ar thug siad cuairt ar an tsaoráid oiliúna martalascóip ionfhoraoise áitiúil, atá deartha d’úinéirí foraoise, agus d’fhreastail siad ar cheardlann phraiticiúil ar mhodheolaíocht nua suirbhé na bithéagsúlachta foraoise.
Ansin, bhuail siad le Stiúrthóir Theagaisc, an tOllamh Frank O’Mara, a chuir fáilte chroíúil roimh an ngrúpa agus a dúirt: “Tá áthas ar Theagasc comhchathaoirleacht a dhéanamh ar an Líonra Integrate i gcomhar le RTBM agus 11ú Cruinniú Bliantúil an Líonra Integrate a óstáil.” Tá foraoiseacht na hÉireann fós ag céim forbartha measartha luath, ach tá sí ag teacht chun cinn agus ag éagsúlú go gasta agus fonn ar úinéirí foraoise foghlaim faoi conas a gcuid foraoisí a bhainistiú go hinbhuanaithe amach anseo. Is deis iontach é an cruinniú seo chun cuir chuige éagsúla a thabhairt le chéile, agus chun eispéiris agus eolas a roinnt maidir le tairbhí na bainistíochta comhtháite le haghaidh comhthairbhí.”
Dúirt Tom Houlihan, Ceann Gníomhach Rannóg Forbartha Foraoiseachta Theagaisc: “Tá téama an chruinnithe seo, “Cleachtais Ilfheidhmeacha/Chomhtháite Bainistíochta Foraoise a Chur Chun Cinn i bhForaoisí a Bhainistítear trí Bheartas, Eolaíocht agus Cleachtas”, thar a bheith ábhartha agus muid ag pleanáil d’fhoraoisí ilchuspóireacha agus éagsúla a chuideoidh leis an eastát náisiúnta foraoise agus leis an úinéir foraoise aonair ón taobh eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta de.”
Mhínigh Jonathan Spazzi, Rannóg Forbartha Foraoiseachta Theagaisc, a chomhordaigh an t-imeacht seo i gcomhar le Dermot Dunphy, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara:
“Rinne Éire cathaoirleacht ar an Líonra i ndiaidh obair den scoth na hOstaire in 2024 i gcás inar thosaíomar ag díriú ar eispéireas an úinéara foraoise phríobháidigh.” Leanadh leis an bhfócas sin le linn na bliana seo, agus bhí an-áthas orainn a bheith ábalta roinnt úinéirí foraoise príobháideacha a chuimsiú chun páirt ghníomhach a ghlacadh in 11ú Cruinniú Bliantúil an Líonra Integrate agus páirt a ghlacadh sa phlé le taighdeoirí, oideoirí, cleachtóirí agus lucht déanta beartas.”
Dúirt Dermot Dunphy freisin: “Má bhreathnaímid ar fud na hEorpa inniu, feicimid go bhfuil brúnna gan fasach ar fhoraoisí. Is é sin go díreach an fáth a bhfuil an Líonra Integrate ann chun cuidiú le cothromaíocht, cuir chuige fianaise-bhunaithe i leith réitigh bhainistíochta foraoise ina gcomhtháthaítear bithéagsúlacht, athléimneacht agus ilfheidhmiúlacht ar leibhéal na foraoise a fháil ach freisin ar scála na tírdhreacha, na tíre agus na hEorpa.”
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Líonra Eorpach Integrate agus faoin acmhainn oiliúna martalascóip i bhforaois Pháirc na Darach, Teagasc, féach.
