01 August 2024
Seolann an tAire Heydon Treoir maidir le Dea-Mheabhairshláinte i measc Feirmeoirí
Agus é ina Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht speisialta air maidir le Sábháilteacht Feirme, sheol an T.D. Martin Heydon T.D an bhileog eolais ‘Sowing the Seeds of Support: Positive Mental Health Guidance for the Farming Community’ le déanaí ar chomhthionscnamh é idir Meabhairshláinte Éireann agus Teagasc.
Ag cur fáilte roimh an mbileog, dúirt an tAire Heydon:
“Cuirfidh an tionscnamh seo comhairle thar a bheith luachmhar ar fáil d’fheirmeoirí faoina gcuid struis a thabhairt faoi deara agus é a bhainistiú. Is ar thorthaí a fuarthas amach le linn taighde a rinneadh le déanaí atá an bhileog bunaithe agus leagtar amach inti straitéisí fóinteacha chun déileáil le strus agus roinnt nod faoin gcaoi le strus a choinneáil chomh híseal agus is féidir”.
Ba í Finola Colgan, Meabhairshláinte Éireann, a chuir an foilseachán le chéile i gcomhar leis na Speisialtóirí Sláinte agus Sábháilteachta an Dr John McNamara agus Francis Bligh. Baineadh leas san fhoilseachán as sonraí as torthaí taighde a rinneadh le déanaí faoi scáth Teagasc agus ba ó na taighdeoirí an Dr David Meredith agus an Dr Diana van Doorn a fuarthas na sonraí sin.
Rinneadh taighde ar mheabhairshláinte feirmeoirí mar chuid den chláir sláinte chardashoithíoch dar teideal ‘Farmers’ have Hearts’ a tugadh chun críche in 2023. Fuair taighdeoirí amach gur thuairiscigh 13.5% d’fheirmeoirí go raibh siad faoi strus ag tús an tionscadail, bunaithe ar scála bailíochtaithe i measc sampla mór (868) ach gur laghdaigh sé seo go 8% in imeacht bliain amháin má bhain feirmeoirí leas as scrúdú sláinte agus má fuair siad teachtaireachtaí faoi chothú na sláinte.
Léiríodh i staidéar a rinne Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Teagasc le déanaí gur thuairiscigh duine as gach ceathrar feirmeoirí geall leis go raibh siad spíonta ag strus agus thuairiscigh leath na bhfeirmeoirí nár chodail siad go maith toisc iad a bheith faoi strus. Ó thaobh aire a thabhairt do do mheabhairshláinte de, tugadh chun suntais sa taighde freisin an tábhacht a bhaineann le fios a bheith agat cathain, cá háit agus conas cúnamh a lorg nuair is gá sin.
Dúirt an tAire Heydon freisin: ‘Tá an ‘Múnla Sláinte Iomláine’ mar bhonn faoi na teachtaireachtaí dearfacha sa bhileog, múnla a aithníonn go bhfuil sábháilteacht feirme agus folláine choirp is meabhairshláinte fite fuaite lena chéile agus gur cheart iad a bhainistiú in éineacht le chéile dá réir. Agus é léir dom a thábhachtaí agus atá sé folláine mheabhrach feirmeoirí na tíre seo a fheabhsú, tá roinnt tionscnamh á gcur i bhfeidhm agam, an clár leathnaithe On Feirm Ground 2 san áireamh. Níl sa tionscnamh seo ach tionscnamh amháin sa tsraith tionscnamh atá mo Roinn i mbun a chur i bhfeidhm ar mhaithe le sábháilteacht, sláinte agus folláine feirmeoirí sa tír seo”.
Leag Ms Colgan béim ar an gcaoi inar éagsúil strus ó dhuine go duine agus ar liosta comharthaí struis a bheith sa bhileog a chabhróidh le strus a aithint agus a bheith in ann chuige. Dúirt Ms Colgan:
“Caithfidh gach duine a bheith in ann comharthaí struis a aithint, agus a bheith eolach ar conas strus a mhaolú trí aghaidh a thabhairt ar na nithe is bun leis. Ba cheart machnamh a dhéanamh ar thacaíocht a lorg ó fhoinse iontaofa.”
Agus aird á tarraingt aici ar an tairbhe phraiticiúil atá le baint as an mbileog don té a bhíonn ag plé le feirmeoirí, dúirt an Dr McNamara le Teagasc: “Fuair an tionscadal FarMHealth amach go mbíonn seisiún 30 nóiméad ar a laghad ina chabhair d’fheirmeoirí tuiscint a fháil ar an gcaoi lena meabhairshláinte féin a bhainistiú. Úsáidfear an bhileog seo ag imeachtaí Teagasc agus i measc pléghrúpaí chun treoir a thabhairt d’fheirmeoirí agus le bheith ina chabhair dóibh aire níos fearr a thabhairt dá sláinte agus dá leibhéal struis.
Labhair Francis Bligh ó Theagasc faoin gcaoi a dtéann sosanna rialta ón bhfeirmeoireacht chun tairbhe d’fholláine mheabhrach an fheirmeora, agus má fhéachtar chuige go mbíonn dea-eagar ar an obair agus go nglactar sosanna rialta uaithi, tugann sé sin caoi d’fheirmeoirí a meabhair a chruinniú arís agus cothromaíocht oibre/saoil níos fearr a bhaint amach. Tharraing an tUasal Bligh ar an gcaoi a bhfuil an foilseachán cuimsitheach ‘Coping with the Pressures of Farming’ ar fáil ar shuíomhanna gréasáin Teagasc agus Mheabhairshláinte Éireann.
Admhaíonn Teagasc agus Meabhairshláinte Éireann gur bhain siad úsáid as an ábhar faoi chomharthaí struis sa Bhileog le Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann ‘Let’s Talk – Dealing with Stress’.
