02 June 2021
Seolann Carbery agus Teagasc comhchlár nua 2021 – 2025 d’fheirmeoirí Iarthar Chorcaí
Tá an próiseálaí déiríochta atá lonnaithe in Iarthar Chorcaí Carbery Group agus Teagasc Iarthar Chorcaí tar éis athnuachan a dhéanamh ar a gcomhchlár fadtéarmach leanúnach d’fheirmeoirí déiríochta don chúig bliana amach romhainn. Is é cuspóir an chláir Monitor Farm, atá ar siúl ó 1998, ná forbairt na feirmeoireachta déiríochta atá éifeachtach ó thaobh carbóin de agus inbhuanaithe a threorú agus a léiriú, in Iarthar Chorcaí.
Díreoidh an comhchlár nua go láidir ar chleachtais phraiticiúla feirmeoireachta lena bhfeabhsaítear inbhuanaitheacht agus lena laghdaítear lorg carbóin a chur chun cinn agus a léiriú. Beidh cuar CCLI agus léaráid Leaf Teagasc chomh maith le foghlaim ó chlár Carbery Déiríocht Níos Glaise lárnach sa chomhchlár nua
Chuir Thomas Curran, bainisteoir réigiúnach Teagasc in Iarthar Chorcaí a bhuíochas in iúl do Carbery agus na ceithre chomharchumann in Iarthar Chorcaí (Droichead na Bandan, Barraigh Rua, Draighneach agus Lios an Bhaird) as athnuachan an chláir, ag rá; “Tá an comhchlár ina chuid ríthábhachtach dár gclár comhairleach maidir le forbairt na feirmeoireachta déiríochta sa réigiún a threorú. Táimid, mar fhoireann chomhairleach, ag tnúth le bheith ag obair le gach feirmeoir agus daoine sa tionscal talmhaíochta níos leithne in Iarthar Chorcaí sna cúig bliana amach romhainn.”
Chuir Cathaoirleach Carbery TJ Sullivan fáilte freisin roimh athnuachan an chláir, ag rá; “ Bíonn fonn ar fheirmeoirí i gcónaí dea-chleachtas na feirmeoireachta a fheiceáil ag feidhmiú, agus is mó a fhoghlaimíonn siad as a bhfuil á chur i bhfeidhm ag feirmeoirí eile. Is í seo an chúis leis an rath ar chlár Monitor Farm go dtí seo. Tá sé iontach tacaíochtaí mar seo a fheiceáil i bhfeidhm ó Teagasc, Carbery agus na ceithre chomharchumann,agus béim mhór ar fheirmeoirí feidhmiú ar bhealach níos inbhuanaithe.”
Díreoidh an comhchlár nua go láidir ar chleachtais phraiticiúla feirmeoireachta lena bhfeabhsaítear inbhuanaitheacht agus lena laghdaítear lorg carbóin a chur chun cinn agus a léiriú. Beidh CCLI Teagasc (Cuar an Chostais Laghdaithe Imeallaigh) agus an léaráid Leaf chomh maith le foghlaim ó chlár Carbery Greener Dairy lárnach sa chomhchlár nua.
Rachaidh an clár i ngleic freisin agus tacóidh sé le Clár Signpost Teagasc – Feirmeoirí le haghaidh Gníomhú ar son na hAeráide, ar fud an réigiúin agus ag an am céanna ag gabháil leis an tionscadal Farm Zero C i bhFeirm Sheanaigh, Droichead na Bandan.
Cuspóirí:
Is é cuspóir an chláir nua ná nasc a chruthú le gach feirmeoir déiríochta i réigiún Iarthar Chorcaí agus caighdeáin arda a léiriú maidir leo seo a leanas:
- Éifeachtúlacht ó thaobh Carbóin de
- Cáilíocht Uisce
- Bithéagsúlacht
- Feidhmíocht Airgeadais
- Bainistíocht Féaraigh
- Leas Ainmhithe
- Pórú Tréada
- Cáilíocht bainne
- Úsáid Cothaitheach agus Torthúlacht na hIthreach
- Sábháilteacht Feirme
- Slí Maireachtála/Sláinte
Is é John McNamara ó Teagasc a chomhordóidh an clár, le tacaíocht ó fhoirne comhairleacha déiríochta agus stoic thirim Teagasc in Iarthar Chorcaí. Comhoibreoidh an fhoireann agus oibreoidh siad go dlúth le Carbery agus leis na comhairleoirí agus an fhoireann i ngach ceann de na ceithre chomharchumann in Iarthar Chorcaí, Droichead na Bandan, Barraigh Rua, Draighneach agus Lios an Bhaird.
Cáilíocht Bainne
Rud nua breise leis an gcomhchlár is ea infhaighteacht Don Crowley (Comhairleoir Cáilíochta Bainne Teagasc) do gach soláthróir Carbery trína gcomhairleoir cáilíochta bainne comharchumainn. Tá Don ar dhuine de na príomhshaineolaithe in Éirinn i dtáirgeadh bainne ar ardchaighdeán agus tá cáil air as a chuid eolas leathan agus comhairle phraiticiúil feirmeoireachta maidir le hardchaighdeáin cháilíochta bainne a bhaint amach.
Feirmeoirí Monatóireachta
Tugtar le Tábla 1 liosta na bhfeirmeoirí monatóireachta i ngach comharchumann agus méid a dtréada. Deir John McNamara, Teagasc Iarthair Chorcaí“Ní oibríonn an clár gan an comhoibriú ónár bhfeirmeoirí monatóireachta. Tá foireann iontach againn don Chomhchlár is déanaí seo. I ngach ceann de na feirmeacha teaghlaigh seo, tugtar tacaíocht do fheirmeoir freisin ó fhoireann teaghlaigh, a bheidh ar fáil le linn an chláir.”
| Comharchumann | Teaghlach | Suíomh | Méid an Tréada |
|---|---|---|---|
| Droichead na Bandan | O’Donoghue | Baile na Daibhche | 135 |
| Droichead na Bandan | Cullinane | Béal Átha Fhínín | 129 |
| Barraigh Rua | Moloney | Cill Briotáin | 170 |
| Barraigh Rua | Walsh | Lios Leamháin | 84 |
| Draighneach | Kingston | Drom Dhá Liag | 58 |
| Draighneach | O’Driscoll | Cnoc na Rátha | 63 |
| Draighneach | O’Sullivan | Dún Mánais | 154 |
| Lios an Bhaird | Buttimer | Béal Átha Fhínín | 116 |
| Lios an Bhaird | Shorten | Doire Luain | 114 |
| Feirm Dhéiríochta Sheanaigh | Ahern | Droichead na Bandan | 238 |
| Feirm Dhéiríochta an Ghoirtín | Cunnane | Droichead na Bandan | 94 |
