Speisialtóir Eallaigh Teagasc Nua Ceaptha
Ceapadh David Argue mar Speisialtóir Eallaigh Teagasc lonnaithe ag Teagasc Bhéal Átha hÉis agus beidh sé i gceannas ar Oirthuaisceart na tíre.
Bhain David Baitsiléir Eolaíochta (Onóracha) sa Talmhaíocht Inbhuanaithe amach ó Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan. Ina theannta sin, chríochnaigh sé Máistreacht Eolaíochta in Iompar agus Leas Ainmhithe in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.
Faoi láthair tá sé ina Chomhairleoir Stoc Tirim Gnó agus Teicneolaíochta de chuid Teagasc i réigiún comhairleach Teagasc Lú / na Mí / Bhaile Átha Cliath / Laoise / Chill Dara, atá lonnaithe san Uaimh, Contae na Mí. D’oibrigh sé roimhe seo mar Chomhairleoir ‘Green Acres Calf to Beef Cattle’ de chuid Teagaisc agus go luath ina ghairmréim bhí sé ina oifigeach oideachais i gColáiste Talmhaíochta Bhéal Átha hÉis agus in Oifig Chomhairleach Teagasc i gClár Chlainne Mhuiris Tagann sé ó chúlra feirmeoireachta stoic thirim i gContae an Chabháin.
Ag labhairt dó tar éis a cheapacháin, dúirt David Argue: “Táim ag tnúth le bheith ag obair le feirmeoirí, le comhairleoirí agus leis an tionscal talmhaíochta i gcoitinne, ag tabhairt teachtaireachtaí teicniúla le tacaíocht eolaíochta chun cabhrú le feirmeoirí eallaigh a bheith brabúsach agus inbhuanaithe. Mar shampla, tá deiseanna ann do níos mó feirmeoirí, táirgeoirí déiríochta agus mairteola araon, an t-innéacs Luach Mairteola Tráchtála (CBV) a úsáid mar chritéir chun laonna a cheannach. Tríd an teicneolaíocht nuálach sin a chomhtháthú, is féidir le feirmeoirí léargais luachmhara a fháil ar acmhainneacht ghéiniteach na laonna go háirithe maidir le meáchan conablaigh, cruth agus aois réamh-mheasta tráth a maraithe.”
Rinne Pearse Kelly, Ceann Roinn Aistrithe Eolais Stoc Tirim Teagasc, comhghairdeas le David as a cheapachán. Dúirt sé: “Tugann David taithí agus eolas luachmhar don fhoireann Speisialtóirí Eallaigh, agus táim ag tnúth le bheith ag obair go dlúth leis agus muid ag malartú eolas teicniúil le táirgeoirí eallaigh, ó chlár taighde mairteola Teagasc.”
