Our Organisation Search Quick Links
Toggle: Topics


Spriocanna Aeráide Talmhaíochta Dúshlánacha ach Indéanta

Tá Teagasc tiomanta do leanúint lena chlár taighde agus comhairleach ag tacú le feirmeoirí na spriocanna laghdaithe maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a leagadh síos i bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide an Rialtais a bhaint amach.

Tá tús curtha cheana féin ag go leor feirmeoirí leis an turas chun astaíochtaí óna ngníomhaíochtaí feirmeoireachta a laghdú, trí na teicneolaíochtaí cruthaithe atá leagtha amach i gCuar an Chostais Laghdaithe Imeallaigh Teagasc (CCLI) a chur i bhfeidhm, atá formhuinithe sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide.

Tá Clár Signpost Teagasc mar cheannródaí ar ‘Fheirmeoirí do Ghníomhú ar son na hAeráide’ le breis agus 100 feirmeoir taispeána Signpost, agus breis agus 50 comhpháirtí tionscail ag obair le chéile, tríd an gclár seo, chun astaíochtaí ón earnáil talmhaíochta a laghdú. Tá na feirmeacha seo, a chlúdaíonn raon na bhfiontar feirmeoireachta, ag léiriú dea-chleachtais aeráide dá bhfiontar feirmeoireachta.

Tá impleachtaí ag tiomantas an Rialtais maidir le hastaíochtaí Gás Ceaptha Teasa (GCT) na hÉireann a laghdú 51% faoi 2030 do gach cuid de gheilleagar na hÉireann. Tá taighde déanta go náisiúnta chun measúnú a dhéanamh ar conas a bhainfí an sprioc laghdaithe seo amach. Tá an sprioc laghdaithe don talmhaíocht, ó 22% go 30% faoi 2030, dúshlánach, mar is amhlaidh le hearnálacha eile den gheilleagar.

Dúirt Stiúrthóir Teagasc, an tOllamh Frank O’Mara: “Tá ról mór ag feirmeoirí maidir le hastaíochtaí na hÉireann a laghdú agus cuidiú le dul i ngleic le dúshlán an athraithe aeráide. Tá Teagasc, trína chláir chomhairleacha agus oideachais, ag tacú le feirmeoirí dul in oiriúint do na hathruithe is gá agus na teicneolaíochtaí is eol dúinn a oibreoidh a chur i bhfeidhm. Tá píblíne ag ár bhfoirne taighde, i gcomhar le hinstitiúidí taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta eile, atá lán de thionscadail taighde meántéarmacha agus fadtéarmacha chun réitigh nua a sholáthar a fhéadfaidh tionchar comhshaoil na talmhaíochta a laghdú. Táim muiníneach go soláthróidh siad seo an dara agus an tríú sraith teicneolaíochtaí a fhéadfaidh feirmeoirí a úsáid ansin chun lorg na talmhaíochta agus a hastaíochtaí iomlána a laghdú. Tá an sprioc don talmhaíocht dúshlánach, ach is féidir é a bhaint amach, le hiarracht chomhbheartaithe ó gach duine atá páirteach san earnáil sna deich mbliana atá romhainn agus ina dhiaidh sin.”

Dúirt Stiúrthóir Aistrithe Eolais le Teagasc, an Dr Stan Lalor: “Beidh sé ríthábhachtach na teicneolaíochtaí agus na gníomhartha a d’fhéadfadh difríocht a dhéanamh chun spriocanna aeráide a bhaint amach a thuiscint agus á gcur i bhfeidhm. Trínár gcláir chomhairleacha agus oideachais, beidh Teagasc ag díriú a iarrachtaí ar fheirmeoirí agus ar an tionscal níos leithne lena chinntiú go bhfuil an t-eolas agus na huirlisí acu chun maolú aeráide, feabhsú na bithéagsúlachta agus cleachtais oiriúnaithe a chur i bhfeidhm. Toisc go gcuimsíonn talmhaíocht níos mó ná aon trian de na hastaíochtaí náisiúnta, beidh gá le laghduithe GCT uaillmhianacha agus dúshlánacha. Mar sin féin, tá cuma mhaith ar an earnáil chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán seo.”

Dúirt an Dr Tom O’Dwyer, Ceannasaí an Chláir Signpost: “Beidh ról tábhachtach ag Clár Signpost Teagasc agus a chomhpháirtithe sa tionscal feirmeoireachta agus bia maidir le tacú le feirmeoirí agus iad ag mionchoigeartú a gcórais feirmeoireachta chun na spriocanna dúshlánacha seo a bhaint amach. Tá plean againn agus soláthróidh tuilleadh taighde agus nuálaíochta níos mó réitigh dúinn sna blianta beaga atá amach romhainn. Is é an tosaíocht faoi láthair ná cabhrú le feirmeoirí feidhm a bhaint as teicneolaíochtaí atá ar eolas cheana féin agus atá cruthaithe lena laghdaítear astaíochtaí GCT.”