Our Organisation Search Quick Links
Toggle: Topics

Tacaíonn Teagasc le Cur Chun Cinn Sláinte Feirmeoirí

Tacaíonn Teagasc leis na straitéisí chun Sláinte na bhFear in Éirinn a fheabhsú, gach Feirmeoir san áireamh. Tá na straitéisí le fáil sa tuarascáil ‘The Real Face of Men’s Health, 2025 Report of Ireland’ a foilsíodh le déanaí.  Ba é Fóram Sláinte na bhFear in Éirinn (MHFI) a sholáthair an tuarascáil i gcomhar leis an ngluaiseacht ‘Movember’ a chuireann Sláinte na bhFear chun cinn ar fud an domhain.

Léirítear sa tuarascáil go bhfuil bás roimh am i measc fear in Éirinn 40% níos airde i gcomparáid le mná. Ba iad na cúig phríomhchúis le bás roimh am i measc na bhfear in Éirinn in 2022: ailse, galair an chórais imshruthaithe; cúiseanna seachtracha gortaithe agus nimhithe, galair an chórais riospráide; agus galair an chórais díleá.

Is iad údair na tuarascála an Dr Noel Richardson, Stiúrthóir ar an Ionad Náisiúnta um Shláinte na bhFear (NCMH) in Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt (SETU), an Dr Ashling McGrath, Léachtóir i gCur Chun Cinn na Sláinte in SETU agus an tUasal Colin Fowler, Stiúrthóir Oibríochtaí, MHFI.

Dírítear sa tuarascáil ar na naisc idir inscne agus sláinte. Ar an meán, ar fud an domhain, faigheann fir bás níos óige ná mná, agus caitheann mná cion níos mó dá saol i ndrochshláinte agus faoi mhíchumas i gcomparáid le fir. Réimse amháin nach bhfuil freastal ceart á dhéanamh air maidir le sláinte na mban is ea tearcdhiagnóisiú galair chorónaigh croí. Bíonn sláinte daoine trasinscneacha níos measa ná mar a bhíonn sláinte an daonra i gcoitinne. Dá réir sin, tá cur chun cinn na sláinte ríthábhachtach ar fud an daonra.

Is féidir na dálaí a mbíonn bás roimh am nó drochshláinte mar thoradh orthu a sheachaint den chuid is mó trí scagthástáil fheabhsaithe, diagnóis agus cóireáil níos luaithe, athruithe ar an stíl mhaireachtála (e.g. feabhas a chur ar aiste bia, ar rialú meáchain agus ar aclaíocht, úsáid tobac agus alcóil a laghdú) mar aon le teachtaireachtaí cur chun cinn na sláinte a ghlacadh agus seirbhísí um chosc ​​galar a úsáid.

Deir an Dr John McNamara, Speisialtóir Sláinte agus Sábháilteachta Theagaisc, nach bpléitear aon ghrúpa gairme ar leith amhail feirmeoirí i dtuarascáil Movember na hÉireann. Léirítear go seasta i staidéar Éireannach, áfach, go mbíonn torthaí mortlaíochta níos measa ag feirmeoirí ná mar a bhíonn ag grúpaí gairme eile.   Mar shampla, i dTuarascáil ERSI le déanaí: ‘Unequal Chances? Inequalities in Mortality in Ireland’ fuarthas gurb é ag feirmeoirí agus oibrithe talmhaíochta atá na Cóimheasa Mortlaíochta Caighdeánacha is airde go mór fada de na Grúpaí Socheacnamaíocha uile.

Soláthraítear i dtuarascáil Movember na hÉireann sonraí lena léirítear go n-athraíonn stádas sláinte go suntasach de réir leibhéal na díthe eacnamaíche i measc fear agus ban araon, ach bíonn tionchar níos déine i measc na bhfear agus an bhearna ag dúbailt sna ceantair is díothaí. I measc na bpríomhthosca riosca maidir le drochshláinte tá rochtain theoranta ar chúram sláinte tráthúil nó ar chúram sláinte luath-bhraite, droch-aiste bia, caitheamh tobac nó úsáid iomarcach as alcól.

Ag labhairt dó faoi cheist na díthe eacnamaíche, dúirt an Dr McNamara gur príomhchuspóir de chuid seirbhísí comhairleacha é cuidiú le feirmeoirí inbhuanaitheacht eacnamaíoch a bhaint amach, rud a d’fhéadfadh tionchar dearfach a imirt ar shláinte feirmeoirí. Chomh maith leis sin, dúirt sé ‘go léiríodh i staidéar taighde Éireannach go mbíonn laghdú ar ioncam feirme ar leibhéil níos ísle Fostaíochta Lasmuigh den Fheirm mar thoradh ar dhrochshláinte agus ar mhíchumas feirmeoirí, rud a mbíonn laghdú ar ioncam teaghlaigh feirme mar thoradh air’.

Ar fud thuarascáil Movember na hÉireann, cuirtear sraith gnéithe ‘Cad a Oibríonn’ ar fáil, lena n-áirítear:  Rannpháirtíocht na Seirbhíse Comhairligh Feirme i gCur Chun Cinn na Sláinte; an tionscadal ‘On Feirm Ground’ lenar urraigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM)/an Roinn Sláinte oiliúint comhairleoirí agus daoine a sholáthraíonn seirbhísí d’fheirmeoirí (e.g. Tréidlianna, Foireann na brainse talmhaíochta) chun feirmeoirí a threorú i dtreo seirbhísí sláinte agus Cláir Seiceála Sláinte Cardashoithíche ‘Farmers Have Hearts’ ag Margaí agus Seónna.

Is féidir teacht ar thuarascáil Movember na hÉireann  agus is féidir teacht ar thuarascáil ERSI ‘Unequal Chances ?  Inequalities in Mortality in Ireland