Our Organisation Search Quick Links
Toggle: Topics


Torthaí nua eisithe maidir le hInbhuanaitheacht Fheirmeacha na hÉireann

Tá a thuarascáil inbhuanaitheachta is déanaí lena gclúdaítear an bhliain 2020 eisithe ag Teagasc. Sa tuarascáil, baintear feidhm as Suirbhé Náisiúnta Feirmeacha Teagasc chun feidhmíocht feirmeacha déiríochta, eallaigh, caorach agus curaíochta ar fud na hÉireann a rianú agus a n-inbhuanaitheacht eacnamaíoch, chomhshaoil agus shóisialta a fheabhsú acu.

Cé gur chuir srianta Covid-19 bac ar bhailiú sonraí, áirítear sa tuarascáil sonraí don bhliain 2020 mar aon le figiúirí inchomparáide ag dul siar sna deich mbliana deireanacha, rud a cheadaíonn measúnú ama ar fheidhmíocht feirme.

Thug príomhúdar na tuarascála, an Dr Cathal Buckley, ó Chlár Gheilleagar agus Fhorbairt Tuaithe Teagasc, an méid seo a leanas le fios, “Bíonn paradacsa inbhuanaitheachta i gceist nuair a scrúdaítear torthaí leis an gcóras feirme. Bíonn inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus shóisialta ar leibhéal níos airde i gceist le feirmeacha déiríochta i gcomparáid leis an gcuid is mó de na córais feirme eile, ach tá leibhéil níos airde astaíochtaí comhshaoil ag baint leo fosta. Ina choinne sin, bíonn inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus shóisialta ar leibhéil níos ísle ar fheirmeacha stoic thirim, ach tá leibhéil níos ísle astaíochtaí comhshaoil ag baint leo chomh maith. Tá feirmeacha curaíochta áit éigin idir feirmeacha déiríochta agus stoic thirim ó thaobh na hinbhuanaitheachta de, ach tá leibhéil íseal astaíochtaí comhshaoil ag baint leo chomh maith.”

Maidir leis an treocht le blianta beaga anuas, dúirt an Dr Buckley; “Is díol suntais é gur tháinig laghdú ar astaíochtaí amóinia in 2020 i gcomparáid leis na blianta roimhe sin ar fud gach córas feirme. Léirítear leis na sonraí lena rianaítear cinntí bainistíochta feirme, gluaiseacht shuntasach i dtreo modhanna leathadh sciodair lena mbaineann astaíochtaí ísle agus tá sé seo ag cuidiú le hastaíochtaí amóinia a laghdú”.

Agus comparáid a dhéanamh idir feidhmíocht feirmeacha le blianta beaga anuas, thug Trevor Donnellan, Ceann na Roinne Eacnamaíochta Talmhaíochta & Suirbhéanna Feirme i dTeagasc, agus comhúdar na tuarascála faoi deara, áfach; “Gurb í an déiríocht an fhoinse is cumhachtaí i gcónaí maidir le hinbhuanaitheacht eacnamaíoch i gcomparáid le córais feirme eile. Déanann meánioncam feirme déiríochta córais stoic thirim a shárú i bhfad agus tá siad chun tosaigh ar ioncam feirme curaíochta freisin. Ar an taobh eile de, is gnách go mbíonn cothromaíocht oibre is saoil nach bhfuil chomh fábharach ag feirmeoirí déiríochta, is iondúil go n-oibríonn siad uaireanta níos faide ná feirmeoirí i gcórais eile.”

Ag díriú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, cuireann na sonraí in iúl go bhfuil feirmeoirí déiríochta ag cur feabhas ar a n-éifeachtúlachta ó thaobh an chomhshaoil de i gcónaí, agus tá gáis ceaptha teasa agus á nginiúint ar leibhéil níos ísle in aghaidh an tona den táirge a tháirgtear. Mar sin féin, tá na héifeachtúlachtaí seo á sárú ag líon bó déiríochta atá ag ardú. In ainneoin na héifeachtúlachta feabhsaithe astaíochtaí, tá méadú ag teacht i gcónaí ar astaíochtaí iomlána feirme déiríochta cé gur fhan astaíochtaí in aghaidh an heicteáir seasta mar gheall ar an méadú ar an limistéar ina ndéantar feirmeoireacht.

Ag seoladh na tuarascála, chuir an Dr John Finn torthaí staidéar píolótach i láthair mar chuid de thionscadal SmartAgriHubs an AE lena forbraíodh táscaire bithéagsúlachta le húsáid i Suirbhé Náisiúnta Feirme Teagasc. Luaigh an Dr Finn “Gur féidir táscaire bithéagsúlachta a ghiniúint anois d’fheirmeacha i Suirbhé Náisiúnta Feirme Teagasc. Mar chruthúnas ar choincheap, léirítear leis an staidéar seo cad atá indéanta má tá na hacmhainní riachtanacha tiomnaithe do bhailiú na sonraí seo.”

Agus trácht á dhéanamh aige ar eisiúint na tuarascála, bhí an méid seo a leanas le rá ag Stiúrthóir Teagasc, an tOllamh Frank O’Mara; “Tá faisnéis luachmhar maidir le beartas a dhearadh agus a fhorbairt á cur ar fáil do lucht déanta beartas sa mhioneolas fairsing atá i dTuarascáil Inbhuanaitheachta Teagasc. Trína Chlár Signpost, tá Teagasc tiomanta do bheith ag obair le feirmeoirí, an tionscal agraibhia agus páirtithe leasmhara eile chun gach gné den inbhuanaitheacht a fheabhsú ar fud gach córas feirme. Cabhróidh an t-eolas atá forbartha tríd an tionscnamh seo go háirithe leis an talmhaíocht a spriocanna comhshaoil a bhaint amach”.

Is féidir féachaint ar an Tuarascáil Inbhuanaitheachta 2020 iomlán anseo